Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Tugtar deis don scoláire i sonraíocht Léann Clasaiceach na sraithe sóisearaí dul i ngleic le cultúr, litríocht, teangacha, ealaín agus cultúr ábhartha na Sean-Ghréige agus na Róimhe i mbealaí éagsúla. Tá trí shnáithe sa chúrsa seo agus tabharfaidh an scoláire faoi phéire de na snáitheanna sin. Ní mór do gach scoláire tabhairt faoin gcéad snáithe, an Chroí-chomhpháirt. Ina theannta sin, beidh rogha ag an scoláire tabhairt faoi chomhpháirt amháin den phéire seo a leanas: Staidéar an Léinn Chlasaicigh (snáithe 2) nó an Teanga Chlasaiceach (snáithe 3). Tá 100 uair an chloig d’am teagmhála scoláire leagtha síos i gcomhair gach snáithe. 

Sa snáithe seo, cuirfidh an scoláire eolas ar na príomhghnéithe a bhaineann le cultúr na Gréige agus na Róimhe trí scéalaíocht mhiotasach a fhiosrú agus trí fhírinne an ghnáthshaoil laethúil sa domhan ársa a scrúdú. 

Faigheann an scoláire léargas ar luachanna, idé-eolaíochtaí agus nósanna cultúir sa rogha miotas agus tugtar comhthéacs uathúil dó chun ceisteanna tábhachtacha a fhiosrú i gcomhthéacs spleodrach agus neamhbhagrach. Músclaíonn miotais ceisteanna ar an gceart agus an olc agus ar bhrí na beatha; léiríonn siad ábhar dóchais, imní agus uaillmhianta sibhialtacha. Bíonn siad cumhachtach ag cabhrú leis an scoláire patrúin a aithint i dteanga, ag spreagadh a chumais samhlaíochta agus chruthaitheachta, ag cur samplaí ar réiteach fadhbanna agus ar chinnteoireacht ar fáil dó, agus ag cabhrú leis scileanna i bplé agus sa chomhoibriú a fhorbairt. 

Cuireann saol laethúil na nGréagach agus na Rómhánach léargas eile ar fáil ar na sibhialtachtaí ársa seo; is féidir a saolta a fhiosrú trí fhoinsí saibhre agus éagsúla, ón ailtireacht agus léirithe ealaíonta go dtí graifítí agus téacsanna litríochta. Déanfaidh an scoláire scrúdú ar an mbealach ina gcuireadh oideachas ar dhaoine, a nósanna agus gnásanna laethúla, conas ar éirigh le daoine d’aicmí sóisialta difriúla agus inscne dhifriúil sa tsochaí, agus na caidrimh idir daoine agus na déithe. 

Cabhróidh tuiscint a fháil ar an gcomhthéacs inar cruthaíodh na miotais agus léargais a fháil ar an saol laethúil a bhí ag daoine sa domhan ársa leis an scoláire a chumas chun a luachanna agus a dhearcthaí féin a cheistiú agus a mheas a fhorbairt, agus dá bhrí sin éireoidh sé níos machnamhaí ina chaidrimh agus beidh níos mó feasachta aige ar a fhreagrachtaí i leith daoine eile agus mar shaoránach i bpobal.

Sa snáithe seo, foghlaimeoidh an scoláire faoin saol poiblí sa domhan ársa trí bhreathnú ar dhinimic shóisialta na heipice Gréagaí, agus an nasc atá idir spás poiblí chathair na Róimhe agus stádas na Róimhe mar phríomhchathair agus mar shiombail na himpireachta a fhiosrú.

I nDomhan Aichill, déanann an scoláire léiriú Hóiméir ar achrann idir ceannairí Gréagacha a iniúchadh chomh maith leis an gcogadh a bhí ag na ceannairí Gréagacha seo le cathair na Traí san Íliad. Déanann an scoláire machnamh ar chinntí, gníomhartha agus mothúcháin an laoich Aichill nuair a léann sé na sleachta is suntasaí ón eipic mhór iontach le Hóiméar. Cuireann an scoláire Aichill i gcomparáid le laochra eile – idir laochra atá san Íliad agus laochra i ndomhan an lae inniu – agus cuireann sé fearg Aichill i gcodarsnacht le freagraí eile sa domhan ársa agus lena luachanna agus a dhearcthaí féin. 

Leis an dearcadh seo déanann sé cód iompair ‘laochais’ a iniúchadh, ina ndéantar uaillmhianta maidir le sármhaitheas, onóir agus cáil a chothromú leis an ngá a bhíonn le dínit agus comhbhá, agus fulaingt, costas daonna agus moráltacht an chine dhaonna a aithint. Rachaidh an scoláire i dtaithí ar uirlisí agus teicnící filíochta Hóiméir atá iad sách aisteach, na scéalta miotasacha agus na háiteanna a bhaineann le Cogadh na Traí; plota casta an Íliad agus na carachtair atá ann. Déanfaidh an scoláire iad sin a iniúchadh le foinsí físiúla chomh maith. 

Sa Róimh, croílár impireachta, tugann tírdhreach mór agus casta na Róimhe léargas don scoláire ar shaol poiblí, stair agus polaitíocht na ndaoine ar éirigh leo, idir an 2ú haois RCh agus an 3ú haois AD, impireacht ó Mhuir Éireann chuig Murascaill na Peirse a chloí agus a choinneáil. Téann an scoláire i dtaithí ar na cineálacha ailtireachta Rómhánacha is tábhachtaí agus déanann sé dianstaidéar ar thrí fhoirgneamh, struchtúr nó láthair a roghnaíodh ó aonaid riaracháin, foirgnimh fóillíochta, foirgnimh mhíleata agus séadchomharthaí cuimhneacháin iomadúla na Róimhe. Déanann sé feidhmeanna na bhfoirgneamh sin a fhiosrú agus samhlaíonn sé é féin mar chuairteoir ag imeacht stairiúil a bhaineann leis na foirgnimh seo, cuir i gcás mórshiúl an bhua, féile nó cluichí gliaireacha. 

Déanann sé iniúchadh ar an státaire nó an tImpire Rómhánach a choimisiúnaigh na foirgnimh, agus na cúiseanna praiticiúlachta agus idé-eolacha a bhí lena dtógáil. Ar an mbealach sin, faigheann sé léargas ar an mbealach ar chruthaigh na Rómhánaigh príomhchathair dá gcathair mhór agus a thaispeáin siad a gcumhacht agus a saibhreas agus déanfaidh sé machnamh ar an gcaoi a bhfuil an oidhreacht sin ar fáil le fiosrú ina cheantar féin. Cuirfidh an staidéar seo ar shaol poiblí an domhain ársa le cumas an scoláire dinimic na sochaí nua-aoisí agus a thimpeallacht shóisialta agus fhisiciúil féin a cheistiú.

Foghlaimíonn an scoláire a roghnaíonn an snáithe seo Laidin nó an tSean-Ghréigis, agus dá bharr sin bíonn fáil aige ar litríocht, smaoineamh agus stair sibhialtachta atá mar fhréamh do chultúr an iarthair. Foghlaimíonn sé chun téacsanna Laidine nó na Sean-Ghréigise a léamh, a anailísiú agus léirthuiscint a fháil orthu, ag díriú ar réim litríochta an mhiotais agus ar réim stairiúil an ghnáthshaoil laethúil. Déanann sé iniúchadh ar chineálacha éagsúla téacsanna, ó scéalta, dánta agus dialóga ar stáitse go dtí inscríbhinní, óráidí agus tuairiscí stairiúla. Glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí a chabhraíonn leis léirthuiscint a fháil ar an Laidin nó ar an tSean-Ghréigis mar theanga a labhraíodh, a chloiseadh agus a scríobhadh fíordhaoine le cumarsáid a dhéanamh lena chéile; áirítear leis na gníomhaíochtaí sin aistriúchán a dhéanamh ar na téacsanna éagsúla sin, ciall a bhaint astu agus iad a chumadh chomh maith. 

Foghlaimíonn sé teanga a raibh tionchar ollmhór aici ar nuatheangacha an iarthair ach atá i bhfad uathu chomh maith. Tá codarsnacht, anailís chórasach, smaointeoireacht loighciúil agus baint sanasaíochta ina ndlúthchuid den snáithe seo mar sin. Anuas ar dheis a chur ar fáil don scoláire taitneamh a bhaint as an teanga a labhair na Sean-Ghréagaigh nó na Rómhánaigh, tógtar ar mhuinín an scoláire ina theanga dhúchasach sa snáithe seo mar aon le teangacha eile a labhraíonn sé, chomh maith lena scileanna anailíseacha a neartú, scileanna a bhíonn tairbhiúil in ábhair eile chomh maith.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama faoi cheannteidil snáithe, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire trí thaithí iomlán chomhtháite i snáithe 1 (an chroí-chomhpháirt) agus an snáithe eile a roghnaíonn sé (snáithe 2 nó snáithe 3). 
Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí gach snáithe i ngrúpaí ach tagairt a dhéanamh do ghnéithe. Is iad na gnéithe sin: 

  • scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú 
  • struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú.

Déanfaidh an scoláire sochaithe na Sean-Ghréige agus na Róimhe a fhiosrú trína dtéacsanna, litríocht agus a dteanga, agus trí ealaín, ailtireacht agus cultúr ábhartha na sochaithe. Sa ghné seo, téann an scoláire i ngleic le bealaí éagsúla ar féidir gnéithe difriúil cultúir a léamh agus a fhiosrú. Déanann sé a nádúr, saintréithe agus luachanna a fhiosrú, agus déanann sé iniúchadh ar an mbealach a léirítear stair agus scéalta na bpobal agus na ndaoine aonair agus a n-insítear iad. Ligeann na scéalta agus an stair seo don scoláire tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cultúr, a n-athraíonn sé le himeacht amach, a mbíonn rath air agus an t-idirghníomhú a bhíonn aige le cultúir eile. 

Sa ghné seo rachadh an scoláire i ngleic le gníomhaíochtaí foghlama a spreagann é machnamh a dhéanamh ar ‘struchtúir dhoimhne’ chultúr na Sean-Ghréige agus na Róimhe de réir mar a thaispeántar iad sna scéalta agus sna léirithe ar a ndéanann sé staidéar. Áirítear sna struchtúir sin na creidimh, na hionchais, na caidrimh agus na hionchais shóisialta is tábhachtaí; na móitífeanna, na téamaí agus na teachtaireachtaí i scéalta; agus na modhanna, na catagóirí agus na patrúin atá ag an teanga. Faigheann an scoláire amach céard is féidir leis a fhoghlaim maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíodh sochaí tríd an iliomad struchtúr, iompar agus nasc a aimsíonn sé a cheistiú agus ceangal a fháil idir na gnéithe sin a bhaineann leis an seansaol agus a thaithí agus a dhomhan féin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.