Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. 

Torthaí foghlama​

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an Léann Clasaiceach sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Cuirtear béim sa tsonraíocht gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bharr sin cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Léann Clasaiceach go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. 

Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín A. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin, ná níltear ag moladh iontu ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga. Cuirtear Léann Clasaiceach na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú
  1. 1.1

    léiriú físiúil a chruthú den mhiotas a bhfuil an téama, móitíf nó teachtaireacht is fearr leis ann agus é seo a roinnt lena chomhscoláirí

  2. 1.2

    an chaoi a léirítear déithe/bandéithe agus laochra/banlaochra i bhfoinsí físiúla a fhiosrú

  3. 1.3

    scrúdú a dhéanamh ar theicnící scéalaíochta agus nósanna a bhaineann le plota agus carachtair a fhorbairt de réir mar a úsáidtear i scéalta miotasacha iad 

  4. 1.4

    feidhmiú mar scéalaí trí mhiotais a athinsint ina fhocail féin ag úsáid stór focal agus stíl chuí

  5. 1.5

    comhoibriú lena chomhscoláirí chun miotas nó scéal a chruthú, ag cuimhneamh ar na nósanna cuí agus ar na teachtaireachtaí atá le cur in iúl

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú
  1. 1.6

    móitífeanna, téama, luachanna agus teachtaireachtaí na miotas a fhiosrú

  2. 1.7

    dearcthaí i leith nósanna inscne agus gnéis a léirítear i miotais a phlé

  3. 1.8

    pointí lárnacha agus na pointí is fearr leis an scoláire ó na miotais a roghnú, agus cinntí agus gníomhartha na gcarachtar ag na pointí sin a mheas

  4. 1.9

    a aithint go mbíonn leaganacha difriúla de mhiotais ann agus an chúis atá leis na difríochtaí sin a fhiosrú

  5. 1.10

    nathanna cainte a bhaineann le miotais Ghréagacha agus Rómhánacha a aithint agus iad a úsáid go cuí i gcomhthéacsanna eile (mar shampla, teannán Aichill, cófra Phandóra)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú
  1. 2.1

    cúlra miotasach Chogadh na Traí a mhíniú

  2. 2.2

    seifteanna agus teicnící filíochta a bhaineann le filíocht eipice a léiriú le samplaí (mar shampla, buafhocail, samhlacha, caint leataoibh, athrá)

  3. 2.3

    na príomhláithreacha a bhaineann leis an Íliad agus a chúlra stairiúil a shainaithint ar mhapa

  4. 2.4

    punann de phríomhcharachtair ón Íliad a chruthú i gcomhar lena chomhscoláirí

  5. 2.5

    iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a léirítear carachtair ón Íliad i bhfoinsí físiúla (mar shampla vásaí agus dealbha ársa, péintéireachtaí agus scannáin nua-aoiseacha)

  6. 2.6

    léiriú na laochra san Íliad a chur i gcomparáid le léiriú na ndaoine nár throid ach a raibh tionchar ag Cogadh na Traí orthu (mar shampla, tuismitheoirí, mná agus searbhóntaí)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú
  1. 2.7

    cinntí agus gníomhartha Aichill a mheas i gcomparáid le cinntí agus gníomhartha laochra eile san Íliad

  2. 2.8

    coincheapa agus focail Ghréigise choitianta a bhaineann le heipic Hóiméir a aithint (mar shampla, timé, kleos, aidós, areté, pathos)

  3. 2.9

    an caidreamh idir na déithe/bandéithe agus na daoine daonna san Íliad a fhiosrú

  4. 2.10

    cód onóra a chruthú do laochra/banlaochra nua-aoiseacha le tagairt do chód Hóiméir

  5. 2.11

    foinsí ársa eile ina bpléitear fearg (mar shampla, Arastatal, Plútarc, Seinice) agus an chaoi a ndéileáiltear leis an mothúchán sin san Íliad a chur i gcomparáid

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú: téacsanna Laidine nó Sean-Ghréigise a thuiscint agus taitneamh a bhaint astu
  1. 3.1

    an bhrí atá le focail choitianta agus le frásaí coitianta a aithint

  2. 3.2

    an bhrí atá le focail choitianta agus le frásaí coitianta a aithint

  3. 3.3

    faisnéis shonrach a shainaithint i dtéacsanna ar thopaicí coitianta

  4. 3.4

    buntéacsanna liteartha a phlé lena chomhscoláirí

  5. 3.5

    aistriúcháin chruinne, anótáilte agus athruithe de réir mar is gá, a dhéanamh go neamhspleách ar abairtí agus ar shleachta nach bhfuil ró-chasta ar thopaicí coitianta

  6. 3.6

    focail, frásaí agus abairtí shimplí a fhuaimniú le dóthain cruinnis agus tuin chainte chuí go dtuigfí é

  7. 3.7

    focail agus frásaí coitianta a bhaineann le réimsí ábhartha agus intuigthe a aithint (nuair atá sé ag éisteacht)

  8. 3.8

    stór focal agus rialacha gramadaí a fhiosrú trí bheith ag scríobh, ag críochnú agus ag athrú frásaí agus abairtí simplí

  9. 3.9

    scrúdú a dhéanamh ar an méid is féidir linn a fhoghlaim ón teanga faoi róil shóisialta, gnásanna agus luachanna an tsaoil laethúil

  10. 3.10

    acmhainní teanga atá ar fáil trí mheáin éagsúla a shainaithint agus a fhiosrú lena chomhscoláirí 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú: feasacht teanga agus scileanna anailíseacha a fhorbairt
  1. 3.11

    patrúin teanga amhail cineáil focal, athrú tuine, feidhmeanna gramadaí, ord na bhfocal agus gnásanna litrithe agus poncaíochta a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu agus iad a úsáid

  2. 3.12

    réasúnaíocht loighciúil a mhíniú ar an léirmhíniú áirithe a dhéanann sé ar fhrása nó ar abairt

  3. 3.13

    sainmhíniú a oibriú amach d’fhocail agus leaganacha focal nach bhfaca sé cheana trí nasc a fháil idir na focail sin agus focail agus leaganacha focal atá ar eolas aige agus an comhthéacs ina bhfuil siad

  4. 3.14

    an chaoi a bhféadfadh rogha focal, comhréir, gramadach agus struchtúr téacs athrú de bharr seánra, cuspóra agus comhthéacs a aithint, chomh maith leis an gcaoi a bhféadfaidís athrú le himeacht ama

  5. 3.15

    comparáid a dhéanamh idir gramadach agus stór focal na sprioctheanga agus iad sin i dteangacha eile atá aige, agus naisc agus idirdhealuithe á ndéanamh de réir mar is cuí 

  6. 3.16

    sanasaíocht focal i nua-theangacha a thagann ón Laidin nó ón tSean-Ghréigis a iniúchadh

  7. 3.17

    monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar a chumas féin sa teanga agus ar straitéisí foghlama teanga ach úsáid a bhaint as aiseolas a fhaigheann sé chun machnamh a dhéanamh ar ar gá dó a dhéanamh chun feabhas a chur air agus spriocanna a leagan síos le haghaidh feabhais 

  8. 3.18

    comhoibriú lena chomhscoláirí chun acmhainní foghlama teanga a chruthú agus iad a roinnt

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú
  1. 1.11

    saol laethúil duine óig a chónaigh sa domhan ársa a scrúdú agus a chur i gcomparáid le saol duine óig sa lá atá inniu ann (mar shampla, oideachas, caitheamh aimsire, cairde)

  2. 1.12

    scrúdú a dhéanamh ar ar féidir linn a fhoghlaim ó fhianaise sheandálaíochta agus fhísiúil ar an saol laethúil sa domhan ársa

  3. 1.13

    léiriú físiúil ar theach Gréagach nó Rómhánach a chruthú agus cur síos a dhéanamh ar fheidhmeanna seomraí agus spásanna éagsúla

  4. 1.14

    comhoibriú lena chomhscoláirí chun gairm roghnaithe ón domhan ársa a scrúdú (mar shampla feirmeoir, bansagart, múinteoir, saighdiúir, mairnéalach nó cnáimhseach)

  5. 1.15

    taithí daoine aonair ó aicmí sóisialta difriúla i sochaí na Gréige agus na Róimhe a fhiosrú (mar shampla fear agus bean, saoránach agus neamhshaoránach, duine saor agus sclábhaí, saibhir agus daibhir)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú
  1. 1.16

    reidimh reiligiúnacha, cleachtais agus gnásanna laethúla coitianta a fhiosrú, ag déanamh machnamh ar a gcuspóir agus an tionchar a bhíodh acu ar shaol na ndaoine a chleachtadh iad

  2. 1.17

    na rialacha, dualgais agus caidrimh i dteaghlaigh Ghréagacha, Rómhánacha agus sa lá atá inniu ann a fhiosrú

  3. 1.18

    comhoibriú lena chomhscoláirí chun gné a bhaineann leis an saol laethúil sa domhan ársa a athchruthú (mar shampla bia, spraoi, paidreoireacht, freastal ar imeacht nó ar scoil)

  4. 1.19

    an difríocht idir caidrimh agus iompar na ndéithe/mbandéithe agus na ndaoine i miotais agus na gnásanna agus na hionchais i ngnáthshaol laethúil an domhain ársa a phlé

  5. 1.20

    téarmaí coitianta sa Ghréigis agus sa Laidin a bhaineann le saol laethúil agus na díorthuithe nua-aimseartha a aithint agus a mhíniú (mar shampla, domus, familia, oikos, paterfamilias)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scéalta a léamh agus léirithe a fhiosrú
  1. 2.12

    cineálacha ailtireachta poiblí Rómhánach a shainaithint (mar shampla, uiscerian, áirse an bhua, amfaitéatar, folcadáin)

  2. 2.13

    feidhmeanna agus leasanna trí fhoirgneamh nó spás phoiblí roghnaithe a scrúdú

  3. 2.14

    é féin a shamhlú ag ócáid nó ag gníomhaíocht a bhaineann le gach ceann de na trí shuíomh a roghnaíodh, agus tráchtaireacht a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú agus cén fáth agus ar a bhfuil i láthair

  4. 2.15

    comhoibriú lena chomhscoláirí chun léiriú den fhoirgneamh nó suíomh Rómhánach is fearr leo a chruthú 

  5. 2.16

    téarmaí coitianta a bhaineann le hailtireacht Rómhánach a aithint agus a mhíniú (mar shampla, thermae, portico, capital, aqueduct, dome)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Struchtúir, patrúin, luachanna agus idé-eolaíochtaí a anailísiú
  1. 2.17

    stair, sochaí agus an saol poiblí sa Róimh a fhiosrú trí fhoirgnimh, struchtúir agus spásanna poiblí

  2. 2.18

    gairmeacha agus spriocanna polaitiúla na bpearsan stairiúil a choimisiúnaigh na foirgnimh, struchtúir nó spásanna roghnaithe a iniúchadh 

  3. 2.19

    foirgneamh Rómhánach a chur i gcomparáid le foirgneamh atá ina cheantar áitiúil

  4. 2.20

    díospóireacht a dhéanamh ar thairbhe agus teorainneacha na gcineálacha difriúla foinsí fianaise stairiúla (mar shampla, ealaín, ailtireacht, inscríbhinní agus litríocht)

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.