Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Staidéar Gnó agus Príomhscileanna

I dteannta a n‑inneachair agus a n‑eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Léiríonn Fíor 1 thíos príomhscileanna na sraithe sóisearaí. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo, ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo.  

An phríomhscil

Sampla de ghné na príomhscile

Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire 

A bheith cruthaitheach

Smaointe a chur i bhfeidhm agus gníomhú

Ceapfaidh an scoláire smaointe ar tháirgí/ar sheirbhísí i dtimpeallacht chruthaitheach agus cuirfear ar a chumas na smaointe sin a fhíorú. 

A bheith liteartha

Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n‑áirítear téacsanna ilmhódacha

Beidh teacht ag an scoláire ar théacsanna ó bhéal, scríofa agus ilmhódacha, agus rachaidh sé i ngleic leo, nuair atá sé ag déanamh taighde tionscadail agus nuair atá a chuid torthaí á chur i láthair aige. 

A bheith uimheartha

Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil

Déanfaidh an scoláire measúnú ar an gcaoi a socraítear praghsanna earraí agus seirbhísí áirithe, agus tuigfidh sé idirghníomhaíocht an éilimh agus an tsoláthair. 

Cumarsáid

Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh

Beidh caidreamh idir an scoláire agus scoláirí eile trí na meáin shóisialta agus trí theicneolaíocht dhigiteach eile d’fhonn saincheisteanna ábhartha gnó a fhiosrú. 

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Eolas agus sonraí a bhailiú, a thaifead, a eagrú agus a mheas 

Ullmhóidh an scoláire cuntais airgeadais, measfaidh sé an staid airgeadais agus cuirfidh sé a anailís i láthair i bhfoirm tábla agus/nó graif.

Mé féin a bhainistiú

Cinntí ciallmhara a dhéanamh

Déanfaidh an scoláire measúnú ar na rioscaí a bhaineann le hairgead a choigilt agus a fháil ar iasacht agus déanfaidh sé cinntí airgeadais eolasacha agus freagracha.

Fanacht folláin

A bheith dearfach faoin bhfoghlaim

Pléifidh an scoláire saincheisteanna reatha sa timpeallacht ghnó agus spreagfar a dhíograis agus a fhiosracht i leith an ghnó.

Obair le daoine eile

An dea‑chaidreamh a fhorbairt agus plé le coimhlint

Comhoibreoidh an scoláire agus rachaidh sé i mbun idirbheartaíochta le daoine eile sa seomra ranga chun dearcthaí a fhiosrú agus chun tascanna a chur i gcrích i réimse comhthéacsanna agus gníomhaíochtaí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.