Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe 1: Gnó á chur i ngníomh

Tugann Gnó á chur i ngníomh deis don scoláire tabhairt go gníomhach faoi eispéireas foghlama praiticiúil agus fírinneach a léiríonn gníomhaíochtaí a dhéantar go rialta sa timpeallacht ghnó. Beidh sé ag feidhmiú mar thomhaltóir, mar fhiontraí, mar bhainisteoir agus mar dhuine den lucht déanta cinntí agus é ag pleanáil agus ag déanamh taighde, ag déanamh anailís ar shonraí agus ar fhaisnéis, ag réiteach fadhbanna agus ag déanamh cinntí, ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach chun eolas a bhainistiú, agus ag dul i mbun gnímh. Foghlaimeoidh sé faoina chuid acmhainní féin agus faoi shaincheisteanna a bhfuil tábhacht shóisialta, chultúrtha agus dhomhanda leo, agus déanfaidh sé cinntí eolasacha ina leith. Is bunscileanna riachtanacha iad sin a bheidh ag teastáil le haghaidh an tsaoil, na hoibre agus an bhreisoideachais. 

Tugtar trí rogha don scoláire as a roghnóidh sé tionscadal Gnó á chur i ngníomh:

1.            Fiontraíocht á cur i ngníomh

2.            Eacnamaíocht á cur i ngníomh

3.            Airgeadas á chur i ngníomh

Is grúpthionscadal é Gnó á chur i ngníomh. Clúdaíonn sé ceithre réimse gníomhaíochta: taighde a dhéanamh; measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis; pleananna gníomhaíochta a fhorbairt; agus torthaí a thuairisciú. Ba chóir don scoláire comhoibriú lena chomhscoláirí chun an tionscadal a chur i gcrích ach ba chóir don mhúinteoir a chinntiú go gcuireann gach scoláire leis sa tionscadal as féin, agus go gcruthaíonn gach duine fianaise chun gnéithe cáilíochta an mheasúnaithe seo a bhaint amach.

Rogha tionscadail

Cur síos

Fiontraíocht á cur i ngníomh

 

Tugtar deis don scoláire tabhairt faoi ghníomhaíocht tionscnaíochta. Is féidir leis an ngrúpa roghnú ó na cinn seo a leanas:

  • Is féidir leis na scoláirí táirge nó seirbhís a fhorbairt. Féadfaidh siad an táirge nó an tseirbhís a cheapadh nó a chumadh siad féin, toisc go sainaithníonn siad margadh féideartha a bheith aige/aici, nó féadfaidh siad táirge nó seirbhís atá ann cheana a fhorbairt, toisc go sainaithníonn siad go bhféadfaí cur lena m(h)argadh.
  • Is féidir leis na scoláirí imeacht nó gníomhaíocht tionscnaíochta (brabúis nó neamhbhrabúis) a fhorbairt. Féadann sé a bheith ina imeacht aon uaire nó ina imeacht a eagraítear thar thréimhse ama níos faide. Is féidir tabhairt faoi chun críocha eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha.

Mar chuid den tionscadal seo: 

  • tabharfaidh an grúpa scoláirí faoi thaighde margaidh chun indéantacht a bhfiontair a mheas
  • déanfaidh siad measúnú ar thorthaí a dtaighde
  • forbróidh siad plean gníomhaíochta gnó bunaithe ar thorthaí a dtaighde ina ndéanfar cur síos ar an gcumasc margaíochta atá le cur i bhfeidhm agus ar fhaisnéis airgeadais don fhiontar
  • soláthróidh siad an táirge, an tseirbhís, an t‑imeacht nó an ghníomhaíocht tionscnaíochta a roghnaigh siad dá spriocmhargadh, nuair is féidir
  • déanfaidh siad taifead ar ionchuir agus ar aschuir an fhiontair
  • déanfaidh siad moltaí maidir le hinmharthanacht an fhiontair. 

Eacnamaíocht á cur i ngníomh

 

Tugtar deis don scoláire treocht, forbairt, athrú nó beartas eacnamaíochta atá ag imirt tionchar dearfach nó diúltach ar gheilleagar agus ar shochaí na hÉireann a roghnú.

Mar chuid den tionscadal seo: 

  • tabharfaidh an grúpa scoláirí faoi thaighde ar an tsaincheist eacnamaíochta a roghnaíonn siad
  • déanfaidh siad measúnú ar thorthaí a dtaighde: cuimseoidh an measúnú eacnamaíoch tairbhí agus costais eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na saincheiste eacnamaíche ar phríomhpháirtithe leasmhara difriúla a shainaithint agus a mheas
  • taispeánfaidh siad úsáid táscairí eacnamaíocha agus léiriúcháin ghrafacha ábhartha. chun tacú lena measúnú ar thorthaí an taighde
  • forbróidh siad plean gníomhaíochta ina dtugtar breac‑chuntas ar athruithe ar bheartas eacnamaíoch a d’fhéadfadh a oiread leasa agus is féidir a bhaint as na torthaí eacnamaíocha a d’eascródh as. 

 

Airgeadas á chur i ngníomh

 

Tugtar deis don scoláire dúshlán airgeadais a bhíonn ag tomhaltóir nó ag eagraíocht (eagraíocht bhrabúis nó eagraíocht neamhbhrabúis) a shainaithint agus taighde a dhéanamh air.

Mar chuid den tionscadal seo:

  • iniúchfaidh an grúpa scoláirí a rogha dúshlán airgeadais agus déanfaidh siad taighde air
  • déanfaidh siad measúnú ar thorthaí a dtaighde: beidh anailís le déanamh sa mheasúnú ar staid airgeadais an tomhaltóra nó na heagraíochta
  • tabharfaidh siad roinnt cúiseanna le fios go bhfuil an dúshlán airgeadais ann agus sainaithneoidh siad tairbhí agus costais an dúshláin airgeadais do na príomhpháirtithe leasmhara difriúla
  • tacóidh siad lena gcuid anailíse le léiriúcháin tháblacha agus ghrafacha
  • rangóidh siad na tionchair dhearfacha agus dhiúltacha ar ioncam agus ar chaiteachas agus/nó ar staid bhrabúis agus chaillteanais tomhaltóra nó eagraíochta agus déanfaidh siad cur síos orthu
  • forbróidh siad plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán airgeadais de réir a measúnaithe ar thorthaí an taighde.

 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.