Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis Foghlama

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama. Beidh an scoláire in ann réasúnaíocht uimhriúil a chur i bhfeidhm trí chleachtaí a mharcáil amach ó thoisí a thugtar.
RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo. Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú.
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le fadhb dearaidh a shásamh.
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. Ceapfaidh an scoláire réitigh trí shamhaltú agus trí thionscadail lena bhforbraítear na scileanna praiticiúla agus é ag oibriú le réimse ábhar agus trealaimh.
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Forbróidh an scoláire as féin coincheap chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb éigin agus ceapfaidh sé an réiteach trí úsáid a bhaint as na hábhair chuí agus as na scileanna a d’fhorbair sé.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Roghnóidh an scoláire uirlisí cuí ó na meáin dhigiteacha chun taighde a dhéanamh ar smaointe dearaidh agus chun iad a fhiosrú agus a léiriú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.