Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Cuireann gach ábhar teicneolaíochta eispéiris dhifriúla ar fáil don scoláire a chuireann leis an oideachas a fhaigheann sé i réimse na teicneolaíochta. Mar gheall air sin, ní bhaineann an fhoghlaim a dhéantar sna hábhair teicneolaíochta leis an teicneolaíocht amháin, ach leis na scileanna bunúsacha a bhaineann leis na hábhair teicneolaíochta, scileanna arbh fhéidir iad a úsáid i réimsí eile foghlama. Scileanna lena spreagtar an scoláire chun fadhbanna a réiteach tríd an gcruthaitheacht, an nuálaíocht, an chumarsáid, an comhoibriú agus an fiosrú, scileanna a fhorbraítear i dtimpeallacht ghníomhach foghlama mar a bhfuil an scoláire in ann smaointe a fhorbairt go dtugtar chun críche iad. 

Tugann an Teicneolaíocht Fheidhmeach aghaidh ar na hathruithe a tháinig ar an domhan nádúrtha chun riachtanais nó mianta an duine dhaonna a shásamh. Tugtar léargas eile don scoláire leis an ábhar seo chun féachaint ar ról agus ar thionchar na teicneolaíochta sa seomra ranga, sa phobal agus i gcomhthéacs an domhain mhóir. 

Deartar gach táirge de dhéantús an duine ach eolas éigin ar an domhan nádúrtha a chur chun feidhme agus úsáidtear ábhair a thagann ón domhan nádúrtha chun iad a dhéanamh, fiú nuair nach ábhair nádúrtha iad na hábhair féin. Téann teicneolaíochtaí nua i bhfeidhm ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol. Déanfaidh an scoláire anailís ar na buntáistí agus ar an tionchar lena bhfuiltear ag súil nuair atá cinntí á dhéanamh aige faoina réitigh dearaidh, gan dearmad a dhéanamh ar an úsáideoir deiridh, ar an tionchar comhshaoil agus ar fheidhmiúlacht an dearaidh.

Ach staidéar a dhéanamh ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach, beidh deis ag an scoláire cumas agus litearthacht teicneolaíochta a fhorbairt mar go mbeifear ag dul i ngleic le réimse leathan ábhar agus córas. Forbróidh an scoláire tuiscint ar phrionsabail an fhuinnimh agus an rialaithe chun fadhbanna praiticiúla a réiteach. Beidh an tsaoirse ag an scoláire dearadh agus an smaointeoireacht córas a fhiosrú tríd an bpróiseas atriallach a bhaineann le smaointe a cheapadh, a scagadh, a thabhairt chun críche agus a mheasúnú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.