Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Treoirlínte le hAghaidh an Dea-Chleachtais

Comhpháirtíochtaí a chruthú agus

a chothú idir tuismitheoirí agus cleachtóirí

Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha

Tacú le foghlaim agus forbairt trí mheán an
mheasúnaithe

Foghlaim agus forbairt trí mheán na
hidirghníomhaíochta

 

 

Déantar cur síos i gceithre shraith de threoirlínte, a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla oideolaíochta, ar an gcaoi ar féidir leis an duine fásta tacú le foghlaim agus forbairt an pháiste ar fud théamaí Aistear. Dírítear ar an méid seo a leanas sna treoirlínte:

  • Comhpháirtíochtaí a chruthú agus a chothú idir tuismitheoirí agus cleachtóirí
  • Foghlaim agus forbairt trí mheán na hidirghníomhaíochta
  • Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha
  • Tacú le foghlaim agus forbairt trí mheán an mheasúnaithe

Déantar cur síos ar an dea-chleachtas sna treoirlínte agus úsáidtear roinnt eispéireas foghlama chun an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an gcleachtas sin a léiriú. Cé go ndírítear ar aoisghrúpa ar leith agus ar chineál suímh ar leith de ghnáth sna heispéiris foghlama sin, d’fhéadfaí go leor díobh a oiriúnú le haghaidh aoisghrúpaí agus suíomhanna eile. Cuidíonn ceisteanna maidir le ‘Machnamh ar mo chleachtas’ leis an duine fásta machnamh a dhéanamh ar na rudaí a dhéanann agus a deir sé/sí chun tacú le foghlaim agus forbairt an pháiste. Is iomaí ceangal atá idir na ceithre shraith de threoirlínte. Cuir i gcás, féadfaidh neart de na heispéiris foghlama i sraith ar leith tacú leis an gcleachtas sna treoirlínte eile.