Léiriú tuisceana < Back to Teanga ó Bhéal Léiriú tuisceana Demonstration of understanding Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Tuiscint ar chumarsáid cainteora Gaeilge a léiriú trí ghníomh nó fhreagra cuí a thabhairt as Béarla, nó trí fhocail nó frásaí coitianta Gaeilge a úsáid agus thrí threoracha gearra a leanúint. Demonstrate an understanding of spoken Irish by taking an appropriate action or giving an appropriate response in English, or by using common Irish words or phrases and following brief instructions. Éisteacht go gníomhach le téacsanna agus iad a thuiscint agus a phlé. Tuiscint a léiriú trí threoracha a leanúint agus a thabhairt. Tuiscint a léiriú trí scéilíní, míniúcháin agus cur síos a thuiscint. Actively listen to and understand texts and discuss them. Demonstrate understanding by following and giving instructions. Demonstrate understanding by understanding anecdotes, explanations and descriptions. Mionchéimeanna Dul chun Cinn Gníomh an pháiste... Aithníonn an páiste noda a úsáidtear chun tacú le treoracha agus/nó gnáthaimh. Gníomh an pháiste... Aithníonn an páiste a ainm féin agus focail choitianta eile agus freagraíonn dóibh. Gníomh an pháiste... Leanann an páiste treoracha aonchéime agus léiríonn tuiscint i gcomhthéacsanna éagsúla trí iarracht a dhéanamh bheith ag déanamh aithrise ar an méid a chonaic agus a chuala sé/sí. Gníomh an pháiste... Freagraíonn an páiste gnáthcheisteanna agus leanann treoracha a bhfuil céim amháin nó dhá chéim iontu. Léiríonn an páiste tuiscint ar an ábhar, na carachtair agus an stór focal a bhíonn i scéalta aitheanta, agus ar chuntais fhíricúla agus próisis céim ar chéim. Gníomh an pháiste... Éisteann an páiste le ficsean agus le neamhfhicsean a éiríonn níos casta de réir a chéile agus tosaíonn ag baint brí as comhthéacs. Tá an páiste in ann treoracha a bhfuil trí chéim iontu a leanúint agus freagra cuí a thabhairt ar fhrásaí a úsáidtear go rialta i dtimpeallacht na scoile. Gníomh an pháiste... Cuireann agus freagraíonn an páiste réimse níos leithne ceisteanna agus freagraíonn do threoracha a bhfuil níos mó ná trí chéim iontu. Gníomh an pháiste... Freagraíonn an páiste do shraith treoracha ina bhfuil clásail agus coincheapa éagsúla. Gníomh an pháiste... Déanann an páiste anailís agus machnamh ar thopaic le daoine eile agus aithníonn go mbíonn a lán gnéithe i gceist. Is féidir leis an bpáiste freagairt do shraith treoracha agus iad a thabhairt. Gníomh an pháiste... Déanann an páiste anailís ar eolas sula dtugann sé/ sí freagra agus ní thugann aird ar eolas nach mbaineann le hábhar. Gníomh an pháiste... Éisteann an páiste le comhráite agus píosaí éisteachta agus déanann anailís orthu. Cuireann an páiste athleagan, déanann machnamh agus athmhúnlú ar an méid a chloistear, aithníonn an seánra Seánra Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí. agus aidhm na dtéacsanna, na príomhsmaointe agus conas ar cuireadh ord orthu. Úsáideann an páiste a bhfuil cloiste aige/aici chun bonn eolais a chur faoi chruthú a théacsanna féin. Gníomh an pháiste... Déanann an páiste comparáid agus measúnú ar chomhráite agus píosaí éisteachta, ag machnamh ar thionchar na teanga, na smaointe, agus na teicnící a úsáidtear. Baineann an páiste ciall as gnéithe atá intuigthe. Úsáideann an páiste gnéithe aeistéitiúla teanga labhartha (mar shampla rímeanna, imeartais focal, uaim, comhshondas, maisíochtaí fuaime, ceol) ina gcomhráite agus téacsanna féin. Ábhair tacaíochta do mhúinteoirí Oral Language - Teanga ó Bhéal Example of student work Oral Language - Teanga ó Bhéal Relevant across all strands Example of student work Relevant across all strands Ábhartha trasna snáitheanna go léir Example of student work Ábhartha trasna snáitheanna go léir Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí Cur chuige cumarsáideach Example of student work