Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile < Back to Teanga ó Bhéal Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Social conventions and awareness of others Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann A aithint go n-athraíonn an stíl chainte ag brath ar an ngaol idir na daoine agus ag brath ar an lucht éisteachta. Feidhmiú mar chuid de ghrúpa agus roinnt focail/frásaí Gaeilge á núsáid. Recognise that language style changes with different relationships and audiences. Show understanding of the listener’s needs while, with support, initiating, sustaining and engaging in conversations on personal and curriculum-based topics and responding verbally and nonverbally. (LO3, S1) Recognise that the style of speech varies depending on the relationship between people and on the audience. Function as part of a group using some Irish words/phrases. Leas a bhaint as noirm shóisialta chuí chun comhrá gearr a thosú, taitneamh a bhaint as, agus le tacaíocht ó chainteoir a bheith ábalta é a choimeád ar siúl ag úsáid roinnt focail/frásaí Gaeilge in abairt Bhéarla agus/nó Ghaeilge in éineacht le geáitsí chun eolas i dtaobh ábhar nó eispéireas a bhfuil cur amach aige air a roinnt. Focail agus frásaí Gaeilge a úsáid laistigh de ghníomhaíochtaí páirteacha. Use language appropriately in order to initiate, sustain and engage in conversations on personal and curriculum-based topics and use a language style and tone suited to the audience. (LO3, S2) Use appropriate social norms to initiate and enjoy a brief conversation, and – with the support of an Irish speaker – be capable of maintaining the conversation using some Irish words/phrases in an English and/or Irish sentence accompanied by gestures to share knowledge of a familiar subject or experience. Use Irish words and phrases during collaborative activities. Gnásanna sóisialta teanga a úsáid agus tús á chur le comhrá nó páirt á glacadh i gcomhrá bunaithe ar ábhar pearsanta agus ar ábhair an churaclaim. Use language flexibly and with empathy while initiating, sustaining and engaging in conversations on personal and curriculum-based topics. (LO3, S3) Use social conventions of the language when initiating a conversation or taking part in a conversation based on a personal topic and material from the curriculum. Gnásanna sóisialta teanga a úsáid agus tús á chur le comhrá nó páirt á glacadh i gcomhrá bunaithe ar ábhar pearsanta agus ar ábhair an churaclaim, agus teanga a úsáid go muiníneach chun oibriú i bpáirt le daoine eile. Stíl agus tuin chainte a chur in oiriúint do lucht éisteachta agus do chuspóirí éagsúla i réimse seánraí labhartha. Use language flexibly and with empathy while initiating, sustaining and engaging in conversations on personal and curriculum-based topics. (LO3, S3) Use social conventions of the language when initiating a conversation or taking part in a conversation based on a personal topic and material from the curriculum, and use the language with confidence to work in collaboration with others. Adapt their style and intonation to different audiences and purposes in a variety of spoken genres. Mionchéimeanna Dul chun Cinn Gníomh an pháiste... Cuireann an páiste suas le duine eile a bheith ann agus aithníonn go bhfuil sé/sí ann. Glacann an páiste le hidirghníomhaíocht le duine eile. Gníomh an pháiste... Freagraíonn an páiste d’aird ó dhuine fásta, lorgaíonn an aird sin agus aithníonn a ainm féin, freagraíonn dó agus tá sé/sí in ann é a rá. Freagraíonn an páiste do spreagthaí trí úsáid a bhaint as guth, fuaimeanna agus gothaí agus malartaíonn aoibh an gháire agus úsáideann gothaí gnúise, fuaimeanna, gothaí, comharthaí nó caint chun cumarsáid a dhéanamh. Gníomh an pháiste... Glacann an páiste páirt i gcluichí aithrise agus scéalaíochta, rainn agus amhráin. Labhraíonn an páiste go hinchloiste agus go céillí ag airde chuí, idirghníomhaíonn thar líon beag sealanna le daoine aonair agus tosaíonn ag déanamh cumarsáide go héasca le daoine eile sa seomra ranga. Cuireann an páiste tús le cumarsáid le duine fásta a bhfuil aithne aige air. Gníomh an pháiste... Comhroinneann an páiste scéilíní pearsanta agus freagraíonn do chomhrá ar ábhar nach bhfuil taithí phearsanta aige air. Beannaíonn an páiste agus freagraíonn mar is cuí do bheannachtaí agus do thopaicí plé agus léiríonn roinnt tuisceana do riachtanais an éisteora. Tosaíonn an páiste comhrá le piaraí agus glacann sealanna ag comhrá le piaraí, le grúpaí beaga agus le daoine fásta a bhfuil aithne acu orthu. Gníomh an pháiste... Cuireann an páiste tús le comhrá ar ábhar nach bhfuil taithí phearsanta aige air. Freagraíonn an páiste ceisteanna ach fágann ar lár roinnt eolais agus tosaíonn ag déanamh iarratais indíreacha. Athraíonn an páiste stíl labhartha chun dul in oiriúint don lucht éisteachta. Glacann an páiste páirt i bplé i ngrúpaí beaga ar thopaic aitheanta. Léiríonn feasacht ar rialacha éisteora-cainteora agus bíonn ar a chumas na rialacha sin a liostú. Gníomh an pháiste... Úsáideann an páiste uainíocht, teagmháil súl agus comharthaíocht colainne chuí chun cur le topaic agus í a leathnú, chun scéal comhleanúnach nó cuntas sothuigthe a chumadh. Labhraíonn an páiste faoi smaointe agus faoi mhothúcháin daoine eile agus glacann páirt i gcomhrá le duine fásta anaithnid ina ngabhann siad chucu féin stíl agus tuin teanga chuí. Oibríonn an páiste i mbeirteanna/ grúpaí agus glacann páirt i bplé grúpa agus tógann siad ar an bplé sin. Gníomh an pháiste... Cuireann an páiste breis sonraí isteach ar mhaithe leis an éisteoir agus úsáideann gothaí, dreacha agus comharthaí mar is cuí. Aithníonn an páiste tionchar gothaí, tuin ghutha agus comharthaíocht colainne ar éisteoirí. Oibríonn an páiste i mbeirteanna/ grúpaí agus tuairiscíonn príomhphointí plé do lucht éisteachta. Gníomh an pháiste... Tugann an páiste dóthain sonraí chun cabhrú leis an éisteoir an comhthéacs a thuiscint. Oibríonn an páiste mar bhall de ghrúpa, tuigeann ról gach duine sa ghrúpa agus glacann leis. Gníomh an pháiste... Cuireann an páiste smaointe ábhartha i láthair, cuireann in ord is in eagar iad agus fágann ar lár sonraí nach bhfuil riachtanach. Déanann an páiste iarratais indíreacha bhéasacha agus úsáideann réimse téarmaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun labhairt le duine. Bailíonn an páiste aiseolas ó dhaoine eile ina ghrúpa maidir le tionscadal grúpa ar réimse coimhthíoch agus tuairiscíonn na príomhphointí do lucht éisteachta. Gníomh an pháiste... Cuireann an páiste stíl éisteachta agus labhartha in oiriúint do réimse de chásanna agus seánra Seánra Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí. í, ag úsáid gnásanna sóisialta go héifeachtach. Aithníonn agus freagraíonn an páiste do dhifríochtaí cultúrtha agus indibhidiúla sa bhealach a ndéanann daoine cumarsáid. Déanann an páiste cumarsáid oilte le daltaí eile chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh agus chun freagracht a roinnt i leith cruthú agus cur in iúl torthaí tionscadail nó taisc. Idirghníomhú le lucht éisteachta le tuilleadh sonraí a shoiléiriú agus/nó a chur ar fáil de réir mar a iarrtar. Gníomh an pháiste... Bíonn an páiste ag cur a stíle éisteachta agus labhartha in oiriúint chun freagairt go comhbhách, do réimse de lucht éisteachta ar chúiseanna éagsúla. Oibríonn an páiste ar bhonn comhoibrithe mar chuid den ghrúpa, aithníonn aiseolas dearfach, freagraíonn go criticiúil agus go cruthaitheach nuair a bhíonn tionscadal nó tasc á phlé agus nuair a bhíonn sé á chur in oiriúint agus á fhorbairt chun é a chur i láthair do lucht éisteachta Ábhair tacaíochta do mhúinteoirí Oral Language - Teanga ó Bhéal Example of student work Oral Language - Teanga ó Bhéal Relevant across all strands Example of student work Relevant across all strands Ábhartha trasna snáitheanna go léir Example of student work Ábhartha trasna snáitheanna go léir Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí Cur chuige spraíúil agus Curaclam Teanga na Bunscoile Example of student work