Skip to content

Consultation on the Primary Curriculum now open

Consultation on the Primary Curriculum now open

View Info

Próiseas na scríbhneoireachta agus ag cruthú téacs

< Back to Scríbhneoireacht

Próiseas na scríbhneoireachta agus ag cruthú téacs

Writing process and creating text

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste eispéiris phearsanta agus rudaí a bhfuil suim acu féin iontu trí chomharthaí, trí shiombailí agus trí théacs.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste taithí phearsanta agus rudaí a bhfuil spéis acu iontu mar spreagadh le haghaidh a dtéacsanna.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ag glacadh páirte i scríbhneoireacht chomhoibríoch agus an múinteoir mar scríobhaí acu.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste topaicí aitheanta mar spreagadh le haghaidh téacsannaagus é/í ag cumadh téacsannai gcomhpháirt leis an múinteoir.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann an páiste téacsanna ó bhéal go comhoibríoch, cuireann in ord agus scríobhann le páistí eile iad agus cumann téacsannale páistí eile; léann agus pléann a gcuid scríbhneoireachta.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann, cuireann in ord agus scríobhann an páiste téacsanna go neamhspleách; léann agus labhraíonn faoina chuid scríbhneoireachta leis an múinteoir lena chinntiú go bhfuil ciall léi agus tosaíonn ag moladh athruithe simplí chun í a fheabhsú.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann an páiste téacsanna go neamhspleách agus bailíonn eolas chun téacsanna a chruthú a bhfuil tús, lár agus deireadh acu; léann agus pléann a gcuid scríbhneoireachta, ag aithint athruithe chun feabhas a chur uirthi.

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste leas as réimse d’fhoinsí téacs agus tosaíonn ag úsáid eagraithe grafacha chun scríbhneoireacht a phleanáil; cumann, profálann agus cuireann in eagar chun aiseolas a chur san áireamh.

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste leas as réimse níos leithne foinsí téacs agus úsáideann eagraithe grafacha chun scríbhneoireacht neamhspleách a phleanáil; cumann, profálann agus cuireann in eagar leis féin chun téacsannaa fheabhsú.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh ar an aiseolas a fhaigheann sé ó dhaoine eile agus roghnaíonn sé aiseolas feiliúnach chun a théacsa leasú.

Baineann an páiste leas as uirlisí profála agus eagarthóireachta chun a théacsa leasú.

Déanann an páiste machnamh ar na straitéisí agus na scileanna a d’úsáid sé le linn phróiseas na scríbhneoireachta.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste údar leis na cinntí a ghlac sé agus aiseolas feiliúnach á roghnú aige chun a théacsa leasú.

Tugann an páiste cúiseanna leis na huirlisí profála agus eagarthóireachta a d’úsáid sé chun a théacsa leasú.

Míníonn an páiste na straitéisí agus na scileanna a d’úsáid sé le linn phróiseas na scríbhneoireachta agus tugann sé údar/cúiseanna leis na roghanna sin.

Próiseas Scríbhneoireachta

Example of student work

Successfully added to the clipboard.