Skip to content

Consultation on the Primary Curriculum now open

Consultation on the Primary Curriculum now open

View Info

Rannpháirtíocht

< Back to Léitheoireacht

Rannpháirtíocht

Engagement

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le réimse ábhair léitheoireachta agus tugann aird air.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag éisteacht le scéalta á léamh os ard agus freagraíonn sé/sí do phointí fócais i léaráidí.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, labhraíonn sé/sí faoi léaráidí agus léann i suíomhanna súgartha.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, aithníonn sé/sí mionsonraí i léaráidí agus comhroinneann a léirmhíniú orthu sin. Úsáideann léitheoireacht a bhfuil níos mó cuspóra léi i suíomhanna súgartha.

Gníomh an pháiste...

Ina aonar agus i gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag éisteacht le réimse  Seánra
Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí.
 í, á léamh agus á bhfiosrú, agus comhroinneann sé/sí a léirmhíniú ar bhrí atá le fáil i léaráidí agus i dtéacs araon.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste réimse níos leithne  Seánra
Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí.
 í◊ a fhiosrú agus úsáideann sé/sí léaráidí agus téacs chun tuair a chomhroinnt agus chun brí a chur in iúl.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste téacs agus léaráidí a léirmhíniú agus comhroinneann sé/sí iad sin le linn dó bheith ag éisteacht le léirmhíniú daoine eile agus á cheistiú.

Gníomh an pháiste...

I gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste téacsanna a mheas de thairbhe spéise agus eolais, sainmhíníonn, léirmhíníonn agus coimríonn sé/sí teachtaireachtaí príomha i dtéacs agus comhroinneann iad sin.

Gníomh an pháiste...

Léirmhíníonn an páiste intinn an údair trí léaráidí agus focail scríofa, comhroinneann na léirmhínithe sin agus cosnaíonn a thuairim.

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste ciall as téacsanna pléann sé iad, agus tugann sé údar lena chuid tuairimí faoi na téacsanna sin.

Fiosraíonn agus pléann an páiste na cuspóirí a bhíonn le téacsanna agus an chaoi a mbaineann daoine taitneamh as a bheith ag léamh.

Gníomh an pháiste...

Bíonn cur agus cúiteamh ag an bpáiste le daoine eile faoi réimse éagsúla théacsanna.

Déanann an páiste machnamh criticiúil ar an gcaoi a dtéann sé féin i ngleic le téacsanna.

Pléann sé a ról mar léitheoir agus déanann sé measúnú ar an ról sin.

Successfully added to the clipboard.