Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach < Back to Léitheoireacht Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Phonological and phonemic awareness Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Imirt le fuaimeanna ar nós siollaí, ríme, comhfhuaim ríme agus fóinéimí i bhfocail labhartha, agus iad a aithint. Play with, recognise and manipulate sounds such as syllables, rhyme, onset-rime and phonemes in spoken words. (LO4, S1) Play with and recognise sounds such as syllables, rhyme, assonance and phonemes in spoken words. Fuaimeanna ar nós siollaí, ríme, tús fhoghar, foghair deiridh, agus fóinéimí i bhfocail labhartha agus scríofa a aithint. Recognise sounds such as syllables, rhyme, onset and rime, and phonemes in spoken and written words. Comparáid a dhéanamh idir fuaimeanna na Gaeilge, fuaimeanna an Bhéarla agus fuaimeanna i dteangacha eile. (LO4, S) Compare the sounds of Irish, English and sounds in other languages. Canúintí agus blasanna éagsúla a bhíonn i dtéacsanna a aithint agus a phlé. (LO4, S) Recognise and discuss various dialects and accents that are found in texts. Mionchéimeanna Dul chun Cinn Gníomh an pháiste... Freagraíonn an páiste d’fhuaimeanna, do rainn agus d’amhráin a bhfuil taithí acu orthu. Gníomh an pháiste... Aithníonn an páiste fuaimeanna aitheanta agus taitníonn sé leo a bheith ag éisteacht le rainn do pháistí agus á n-aithris in éineacht le daoine eile. Gníomh an pháiste... Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag comhlánú línte atá ar iarraidh as rainn do pháistí agus aithníonn fuaimeanna litreacha aitheanta. Tugann an páiste aird ar rím agus ar rithim. Aithníonn an páiste focail mar aonaid fuaime laistigh d’abairtí. Léiríonn an páiste ábaltacht rithim a bhualadh amach. Gníomh an pháiste... Aithníonn agus gineann an páiste focail ríme agus aithníonn túsfhoghar agus foghar deiridh. Déanann an páiste idirdhealú idir dhá fhuaim ó bhéal. Léiríonn an páiste tuiscint ar athruithe ar fhuaimeanna i bhfocail. Gníomh an pháiste... Cumascann an páiste túsfhoghar agus foghar deiridh agus comhaireann, deighleann, fuaimníonn agus cumascann siollaí i bhfocail labhartha. Aithníonn an páiste fuaimeanna tosaigh, meánacha agus deiridh i bhfocail a bhfuil trí fhóinéim iontu agus deighleann agus cumascann focail labhartha a bhfuil dhá, trí, ceithre agus cúig fhóinéim iontu. Gníomh an pháiste... Comhroinneann an páiste focail ina dtúsfhoghar agus foghar deiridh agus athdhéanann patrúin agus grúpaí coiteanna litreacha. Deighleann an páiste focail labhartha aon siolla agus ilsiollacha go briathartha ina bhfoghair aonair. Scriosann an páiste fuaimeanna aonair agus cuireann fhuaimeanna nua isteach chun focail nua a dhéanamh. Aithníonn an páiste patrúin fuaimeanna consan/ gutaí i siollaí na bhfocal labhartha. Gníomh an pháiste... Úsáideann an páiste siollaí i bhfocail nua a chloiseann sé/sí chun deighilt agus cumasc a dhéanamh. Aithníonn an páiste gur ann do thaoilitreacha i bhfocail áirithe nach bhfuaimnítear sa chaint. Gníomh an pháiste... Briseann an páiste focail nua ina siollaí le muinín. Aithníonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i bhfocail i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad. Gníomh an pháiste... Briseann an páiste focail nua ina siollaí agus úsáideann eolas ar chonsain agus ar ghutaí chun iad a aithint agus a chumasc ó bhéal. Aithníonn an páiste patrúin i bhfocail labhartha agus úsáideann eolas ar fhocail atá aitheanta le focail nua a dheighilt agus a chumasc. Gníomh an pháiste... Aithníonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i bhfocail i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad. Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar phatrúin agus ar fhuaimeanna chun focail in ábhair éagsúla a dhéanamh amach (mar shampla: comparáid a dhéanamh idir logainmneacha na hÉireann i nGaeilge agus i mBéarla). Gníomh an pháiste... Fiosraíonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i réimse níos leithne d’fhocail i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad. Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar fhuaimeanna agus ar phatrúin chun focail i dtéacsanna atá bunaithe ar ábhair nó topaic ar leith, a dhéanamh amach. Ábhair tacaíochta do mhúinteoirí Reading - Léitheoireacht Example of student work Reading - Léitheoireacht Relevant across all strands Example of student work Relevant across all strands Ábhartha trasna snáitheanna go léir Example of student work Ábhartha trasna snáitheanna go léir