Le cois a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), tá an CNCM tiomanta d'eolas a chur ar fáil faoina gníomhaíochtaí agus faoina seirbhísí agus do chinntiú go ndéileáiltear go tráthúil le gach fiosrú. Cuideoidh na ceisteanna coitianta seo a leanas leo siúd ar mhian leo iarratas a dhéanamh faoin Acht SF.
Q: Cad é SF?
A: Foráltar leis an Acht SF go bhfuil na cearta dlíthiúla úra a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán, 1998,:
- ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá á gcoinneáil ag Ranna Rialtas nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe san Acht;
- ceart ar fhaisnéis phearsanta fúthu a cheartú agus a nuashonrú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t eolas sin; agus
- ceart míniú a fháil ar chinntí a ghlac comhlachtaí poiblí agus a dhéanann difear dóibh.
Is é a chiallaíonn na cearta sin, go bhfuil daoine, ón 21 Aibreán, 1998, i leith, i dteideal rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a coinníodh fúthu – is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis – agus ar thaifid eile a cruthaíodh i ndiaidh 21 Áibreán, 1998.
Q: Cé na taifid is féidir a iarraidh?
A: Tá na taifid a leanas inrochtana faoin Acht:
- gach taifead a cruthaíodh tar éis thosach feidhme an Achta 21ú Aibreán, 1998:
- taifid phearsanta uile an chliaint, cibé cén uair a cruthaíodh iad;
- taifid uile foirne a cruthaíodh i ndiaidh 21ú Aibreáin, 1995, nó níos luaithe má rinnneadh iad a úsáid go dochrach i gcoinne baill foirne, agus gach taifead a cruthaíodh níos luaithe má bhí siad de dhíth chun taifid a cruthaíodh i ndiaidh an dáta sin a thuiscint
Q: Cén chaoi a ndéanfaidh mé Iarratas SF chuig an gComhairle?
A: Is féidir leat iarratas scríofa a chur chuig:
Ms. Aine Armstrong Farrell
Oifigeach Saoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
24 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
T. +353 1 661 7177
F. +353 1 661 7180
info@ncca.ie
Ba cheart an méid seo a leanas a bheith i d’iarratas:
- ráiteas go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht SF;
- a oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atáthar a lorg; agus
- sonraíocht faoi fhoirm na gcóipeanna atáthar a iarraidh.
Q: Cén costas a bheidh air?
A: Ó 7 Iúil 2003, is í €15 an ghnáth-tháille iníoctha ar gach iarratas. Is féidir gur táille laghdaithe €10 a bheidh le híoc má tá cárta leighis ag an iarrthóir
Tá na hiarratais a leanas slán ar an táille:
- Gach iarraidh faoi alt 7 ar thaifead a bhaineann le faisnéis phearsanta faoin iarrthóir amháin
- iarratas faoi alt 17 (ceart ar thaifid a leasú nuair a bhaineann sé le faisnéis phearsanta)
- iarratas faoi alt 18 (ceart duine ar fhaisnéis faoi ghníomhartha chomhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)
Is féidir cóip chrua den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus den Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 a fháil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2.
Naisc ghaolmhara
Guide to the functions and records of the National Council for Curriculum and Assessment: Sections 15 & 16, Reference Book
Leathanach Baile Oifig an Choimisinéara Faiséise
An tAcht SF & Rialúcháin SF
Treoir maidir leis an Acht
Láraonad Polasaí SF, An Roinn Airgeadais