Leanann láithreáin Ghréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta treoirlínte maidir le rochtaine leagtha amach ag an W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda). Soláthraíonn WAI (Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin) an W3C treoirlínte i dtaobh inrochtaine ar pointe cóimheasa aitheanta idirnáisiúnta iad maidir le hinrochtaine.
Agus na láithreáin seo á ndearadh, rinneamar iarracht riachtanais (critéir ratha) agus teicnící Threoirlínte an WAI um Inrochtaine Inneachair Ghréasáin (WCAG) 2.0 a chomhlíonadh.
Méid téacs a athrú i do bhrabhsálaí
Féach, le do thoil, gur féidir méid téacs a athrú i do bhrabhsálaí:
- i gcás Internet Explorer agus Mozilla Firefox, roghnaigh méid Téacs ón roghchlár Amharc (View).
- nó coinnigh do mhéar ar an eochair Rialúcháin (CTRL) agus úsáid scrollroth do luchóige
- nó coinnigh do mhér ar an eochair Rialúcháin agus cliceáil ar na cnaipí + agus -
- más brabhsálaí eile atá in úsáid agat, ceadaigh Cabhair (Help) an bhrabhsálaí go bhfeice tú conas méid téacs a athrú.
Teicneolaíochtaí reatha
Baineann na láithreáin Ghréasáin seo úsáid as teicneolaíochtaí W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda), áit is féidir. Bailíochtaíonn leathanaigh mar XHTML 1.0 Transitional agus CSS2, ag cinntiú go n-oibríonn siad le raon leathan brabhsálaithe.
Baineann na láithreáin úsáid chomh maith as an teicneolaíocht neamh-W3C seo a leanas:
- Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF): Is san fhormáid seo amháin a gheofar doiciméid áirithe ar an láithreán seo. Chuige sin ní mór duit bogearraí Adobe Acrobat Reader saor in aisce a íoslódáil agus a shuiteáil. D'fhéadfadh sé nach gcomhlíonfadh roinnt PDFanna a cruthaíodh roimh Adobe Acrobat leagan 5 na treoirlínte inrochtaineachta.
Munar féidir leat teacht a fháil ar an eolas in aon doiciméad PDF cuir scéala chuig info@ncca.ie
Eolas breise
Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta tiomanta do láithreáin Ghréasáin na Comhairle a dhéanamh inrochtaine don uile dhuine, beag beann ar chumas.
Déanfar dlúthmhonatóireacht leanúnach ar fhorbairtí agus ar athruithe i dtreoirlínte WAI agus ar an gcleachtas is fearr maidir le láithreáin Ghréasáin go ginearálta.
Má bhraitheann tú go bhféadfadh an láithreán Gréasáin seo a bheith níos fusa le húsáid, nó má deacracht agat teacht ar aon eolas nó más amhlaidh nach féidir leat teacht ar aon chuid den láithreán, iarrtar ort ríomhphost a chur chuig info@ncca.ie agus 'Inrochtaine an Láithreáin Ghréásáin' a chur sa líne ábhair.
Nuashonraíodh an ráiteas inrochtaineachta seo den uair dheiridh in Aibreán 2009.