Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Is Ardteistiméireacht ina bhfuil béim láidir ar ghairmeacha é Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GA). Is éard atá sa chlár ná ábhair Ardteistiméireachta, chomh maith le dhá chúrsa ghearra a dtugtar nascmhodúil orthu. Is éard atá sa nascmhodúil ná Oideachas Fiontraíochta agus Ullmhú do Shaol na hOibre. Déanann daltaí an GCA cúig ábhar Ardteistiméireachta ar a laghad, nach mór dhá chéann acu a roghnú ó liosta de ghrúpaí ábhar. Ní mór dóibh staidéar a dhéanamh chomh maith ar an nGaeilge agus nuatheanga Eorpach. Cuireann na grúpaí ábhar, na hábhair Ardteistiméireachta a thagann go maith lena chéile i rannóga.

Tá dhá ghrúpáil ann:

  • Grúpa Speisialtóireachta, ina gcabhraíonn inneachar gach ábhair le gach ceann eile.
  • Grúpaí Seirbhísí, ina n-oibríonn na hábhair go maith lena chéile ó thaobh gnó nó tráchtála de.

Tá na nascmhodúil bunaithe ar ghníomhaíocht agus dearadh iad chun deis a thabhairt do mhic léinn an méid atá á fhoghaim acu a chur i bhfeidhm in imthosca sa saol mór. Is codanna tábhachtacha den GCA iad taithí oibre agus imscrúdú gairme.

Déantar ábhair na hArdteistiméireachta a scrúdú trí scrúdú caighdeánach na hArdteistiméireachta. Déantar measúnú ar na Nasc-Mhodúil i scrúdú scríofa a bhfuil 40% de na marcanna iomlána i gceist leis agus portfóilió den obair cúrsa a bhfuil 60% de na marcanna iomlána i gceist leis. Faigheann mic léinn an teastas céanna a fhaigheann mic léinn eile Ardteistiméireachta ach bíonn ráiteas breise ar na torthaí a fhaightear sna Nasc-Mhodúil, mar chuid de (Pas, Moladh, Gradam).

Doiciméadú

PDFRáiteas Chlár an GCA

Naisc ghaolmhara

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie