Is clár roghnach scoilbhunaithe bliana amháin í an Idirbhliain idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach. Dearadh é le feidhmiú mar dhroichead idir an dá shraith trí éascaíocht a dhéanamh don aistriú réidh ó fhoghlaim níos spleáiche na Sraithe Sóisearaí go dtí foghlaim féinstiúrtha níos neamhspleáiche a éilítear sa tSraith Shinsearach. Bíonn an deis ag scoileanna cláir agus cúrsaí a dhearadh a chuirtear in oiriúint do riachtanais agus leas na mac léinn.
Cuireann an Idirbhliain deis ar fáil do mhic léinn páirt a ghlacadh i bhfoghlaim neamhspleách féinstiúrtha chun scileanna ginearálta, teicniúla agus acadúla a fhorbairt agus chun aibiú agus forbairt a dhéanamh gan bhrú scrúdaithe. Tugtar an deis do mhic léinn raon leathan réimsí ábhair a thriail agus féadann siad roghanna níos eolasaí a dhéanamh faoin gcineál clár Ardteistiméireachta a theastaíonn uathu a dhéanamh i ndiaidh na hIdirbhliana.
Naisc ghaolmhara
An Idirbhliain