An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Clár Ardteistiméireachta dhá bhliain féinchoinnithe ar leithligh atá san Ardteistiméireacht Fheidhmeach atá dírithe ar mhic léinn a ullmhú don saol mar dhuine fásta agus don saol oibre. Tá sé mar chuspóir ag an gclár buanna gach mac léinn a aithint agus deiseanna a chur ar fáil um fhreagracht phearsanta, féinmhuinín agus féineolas a fhorbairt agus cabhraíonn sé le daltaí an méid a fhoghlaimíonn siad a chur chun úsáide sa saol mór.

Baineann ceithre bhloc leathbhliana a dtugtar seisiúin orthu leis an gclár dhá bhliain. Tugtar creidiúint don mhéid a bhaintear amach i ngach seisiún.

Cuirtear cúrsaí ar fáil i dtrí phríomhréimse:

  • Ullmhú Gairme
  • Oideachas Ginearálta
  • Gairmoideachas

Bíonn roinnt modúl i ngach cúrsa. Tógann gach modúl leathbhliain le críochnú. Tá raon leathan de chúrsaí praiticiúla ar fáil chomh maith, a dtugtar speisialachais ghairme orthu agus ar féidir leis an dalta roghanna a dhéanamh iontu.

Déantar measúnú nuair a chríochnaítear na modúil agus tá scrúdú deiridh chomh maith i ngach ceann de na réimsí seo a leanas:

  • Béarla agus Cumarsáid
  • Dhá speisialachas gairme
  • Feidhmiúcháin Mhatamaiticiúla
  • Teanga
  • Oideachas Sóisialta

Gheobhaidh mic léinn a n-éiríonn leo an clár a chríochnú go rathúil Ardteistiméireacht ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Déantar an teastas seo a bhronnadh ag trí leibhéal:

LeibhéalCreidiúintí a Éilítear
Pas120-139 creidiúint
Moladh140-169 creidiúint
Gradam170-200 creidiúint

Bronntar Taifead Taithí ar iarrthóirí a fhaigheann níos lú ná 120 creidiúint nó nach gcríochnaíonn an cúrsa.

Doiciméadú

PDFRáiteas um Chlár Ardteistiméireachta Feidhmí

Naisc ghaolmhara

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie