Foramharc ar an ábhar
Baineann tíreolaíocht le staidéar a dhéanamh ar dhaoine agus ar a dtimpeallacht. Cabhróidh an t-ábhar seo le daltaí tuiscint a fhorbairt ar na gaolmhaireachtaí a bhíonn ag síorathrú idir dhaoine agus an domhan fisiciúil. Tríd an staidéar a dhéanann siad ar thíreolaíocht, forbróidh daltaí scileanna tíreolaíochta a chabhróidh leo cinntí stuama a dhéanamh ag leibhéil áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Ábhar
Féadfar tabhairt faoin Tíreolaíocht don Ardteistiméireacht ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Tá an cúrsa roinnte ina n-aonaid éagsúla staidéir, croí-aonaid, toghaonaid agus roghaonaid. Bítear ag súil go bhforbródh daltaí scileanna tábhachtacha tíreolaíochta dé réir mar a dhéanann siad staidéar ar an haonaid seo.
Croí-Aonaid
1. Patrúin agus próisis sa chomhshaol fisiciúil
2. Tíreolaíocht réigiúnach
3. Imscrúdú tíreolaíochta agus scileanna tíreolaíochta
Toghaonaid
4. Patrúin agus próisis i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta
5. Patrúin agus próisis i gcomhshaol na duine
Roghaonaid
6. Idirspleáchas domhanda
7. Geo-éiceolaíocht
8. Cultúr agus ionannas
9. An tAtmaisféar-Comhshaol na nAigéan
Tugann daltaí an Ghnáthleibhéil faoi na croí-aonaid ar fad agus ceann amháin de na toghaonaid.Déanann daltaí an Ardleibhéil staidéar ar gach croí-aonad, agus ceann de na toghaonaid agus ceann de na roghaonaid.
Measúnacht
Déantar Tíreolaíocht don Ardteistiméireacht a mheas trí scrúdú deiridh scríofa ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, in ord ardaitheach deacrachta. Tá dhá chomhpháirt mheasúnachta i gceist:
- Scrúdpháipéar (80%)
- Tuairisc ar Fhiosrú Tíreolaíoch (20%)
Stádas reatha
Tugadh isteach siollabas atbhreithnithe Tíreolaíochta don Ardteistiméireacht sa bhliain 2004 agus scrúdófar é don chéad uair sa bhliain 2006.
Doiciméadú
Siollabas Tíreolaíochta don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Tíreolaíocht don Ardteistiméireacht – Guidelines for teachers
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta don Tíreolaíocht
Cumann na Múinteoirí Tíreolaíochta in Éirinn (AGTI)
Scoilnet