Foramharc ar an ábhar
Baineann an Stair le taithí saoil an duine san am atá caite. Is éard atá i gceist le staidéar a dhéanamh ar an stair ná iniúchadh a dhéanamh ar an bhfianaise atá fágtha a bhaineann leis an sórt sin eispéiris. Cuireann sé na daltaí i dteagmháil le taithí dhaonna a bhíonn i bhfad difriúil go minic óna dtaithí féin, agus cothaíonn sé a dtuiscint ar an staid dhaonnna agus ar an spreagadh daonna. Toisc go bhfuil fócas ann ar an bhfianaise a mheas, cabhraíonn sé go mór le forbairt scileanna an dalta sa smaointeoireachta chriticiúil. Is tríd an bhfócas ar thaighde, a thugtar an deis do dhaltaí a scileanna san fhoghlaim neamhspleách a fhorbairt.
Ábhar
Tá dhá chuid i gcreat an tsiollabais atá idirnasctha mar seo a leanas:
I Obair le fianaise
II Topaicí a bhfuil staidéar le déanamh orthu
I Obair le fianaise (a) Réamhrá – An stair agus an staraí; (b) An staidéar bunaithe ar cháipéisí; (c) An staidéar taighde
II Topaicí a bhfuil staidéar le déanamh orthu: Déanann na daltaí staidéar ar thopaic atá leagtha síos don staidéar ar cháipéisí agus ar thrí thopaic eile. Baineann dhá cheann de na topaicí le stair na hÉireann agus baineann dhá cheann le stair na hEorpa agus an domhain mhóir. Tá na topaicí roinnte ina dhá réimse staidéir scoite: Nua-aois Luath, 1492 – 1815; Nua-aois Dhéanach, 1815 -1993. Laistigh de gach réimse staidéir , tá sé thopaic ann ó stair na hÉireann agus sé cinn ó stair na hEorpa agus an domhain mhóir.
Idirdhealú: Dearadh an siollabas sa chaoi gur féidir é a mhúineadh ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal araon. Déantar idirdhealú idir na leibhéil trí na torthaí foghlama a shonrú: tá torthaí foghlama atá coiteann ann agus torthaí foghlama breise don Ardleibhéal. Cé go ndéanann daltaí staidéar ar na topaicí céanna ag an dá leibhéal, cuirtear béim faoi leith ar na príomhphearsana agus ar na cás-staidéir ag an nGnáthleibhéal. Bítear ag súil go ndéanfadh daltaí an Ardleibhéil staidéar níos doimhne ar na topaicí agus go bhforbróidís tuiscint níos coincheapúla.
Measúnacht
Déantar Stair don Ardteistiméireacht a mheas ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá dhá chomhpháirt mheasúnachta i gceist:
Tuairisc ar an staidéar taighde (curtha isteach roimh an scrúdú) 20%
Scrúdpháipéar 80%
Ag an dá leibhéal, bíonn ceist bunaithe ar cháipéis (nasctha leis an staidéar ar cháipéisí) agus trí cheist ghinearálta. Tá gach ceann de na ceithre cheist ar chomharc.
Stádas reatha
Tugadh isteach siollabas atbhreithnithe Staire don Ardteistiméireacht sa bhliain 2004 agus scrúdófar é don chéad uair sa bhliain 2006.
Doiciméadú
Siollabas Staire don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Stair don Ardteistiméireacht – Guidelines for Teachers
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
An Fhoireann Insheirbhíse Staire (HIST)
Cumann Mhúinteoirí Staire na hÉireann (HTAI)
Scoilnet