Staidéir Foirgníochta

Foramharc ar an ábhar

Tugann staidéar foirgníochta léiriú do dhaltaí faoin eolas agus na scileanna a bhaineann le teicneolaíocht foirgníochta agus le cleachtais agus le hábhair foirgníochta. Baintear é seo amach trí staidéar ar theoiricí agus trí thionscadail phraiticiúla chomhtháite a sholáthraíonn bunús chun taiscéaladh críochniúil a dhéanamh ar ábhair agus ar phróisis.

Ábhar

Cuid 1 – Teoiric na Foirgníochta agus Líníocht
  • Prionsabail Ghinearálta
  • Fo-struchtúr
  • Forstruchtúr
  • Foirgníocht Inmheánach
  • Seirbhísí agus oibreacha seachtracha
  • Teas agus éifeachtaí teirmeacha i bhfoirgnimh
  • Soilsiú i bhfoirgnimh
  • Fuaim i bhfoirgnimh
Cuid II - Scileanna Praiticiúla
  • Uirlísí
  • Próisis
Cuid III – Obair an Chúrsa agus Tioscadail
  • Turgnaimh cheardlainne/shaotharlainne
  • Tionscadail an dalta

Measúnú

Déantar measúnú ar Staidéar Foirgníochta don Ardteistiméireacht ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal, trí pháipéar deiridh scrúdaithe, scrúdú praiticiúil agus tionscadal an dalta féin.

Stádas reatha

Tá dréachtshiollabas athbhreithnithe curtha le chéile ag an gCNCM agus tabharfar Teicneolaíocht Ailtireachta air. Tá plean forfheidhmiúcháin á mheas ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Doiciméadú

Siollabas don Staidéar Foirgníochta don Ardteistiméireacht

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann na Múinteoirí Teicneolaíochta in Éirinn
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie