Spáinnis

Foramharc ar an ábhar

Tá creat siollabais choitinn ann chun teangacha nua-aimseartha a mhúineadh agus a mheas san Ardteistiméireacht.Tarraingíonn ábhar an tsiollabais air sin agus forbraíonn sé roinnt mhaith gnéithe de na haidhmeanna agus den ábhar sna teangacha sa tsraith shóisearach. Seo a leanas na haidhmeanna:

  • A leithéid de scileanna cumarsáide a chothú i bhfoghlaimeoirí an sprioctheanga is a chuirfidh ar a gcumas 
    - a bheith iomlán páirteach sna gníomhaíochtaí ranga a reáchtálfar sa sprioctheanga
    - páirt a ghlacadh in idirbhearta agus idirghabhálacha le daoine eile
    - eolas agus taitneamh a bhaint as na hollmheáin
    - breathnú mar rogha réadúil ar leanúint ar aghaidh le caitheamh aimsire, staidéar eile agus nó le gairm bheatha sa sprioctheanga
  • Feasacht chriticiúil a chothú sna foghlaimeoirí faoi conas a eagraítear agus a chuirtear brí in iúl i struchtúir agus i bhfoclóir na sprioctheanga, agus ar an gcaoi sin cabhrú lena dtuiscint ar fheidhmíocht theanga an duine go ginearálta
  • Cabhrú le foghlaimeoirí straitéisí a fhorbairt chun teangacha a fhoghlaim go héifeachtúil
  • Eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi chultúr, sochaí agus polaitíocht na dtíortha ina labhraítear an sprioctheanga mar ghnáthmhodh chumarsáide agus ar an gcaoi sin a bhfeasacht faoi éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil go ginearálta a mhéadú.

Ábhar

Seo leanas na trí chomhpháirt den siollabas:

  • Cumas Bunúsach Cumarsáide
  • Feasacht Teanga
  • Feasacht Chultúrtha

Moltar cur chuige comhtháite i leith na gcomhpháirteanna seo.

Cumas Bunúsach Cumarsáide

Tógann sé seo ar réimse spriocanna cumarsáide bunaithe ar chlár an Teastais Shóisearaigh. Cothófar agus úsáidfear na scileanna cumarsáide a fuarthas sa tsraith shóisearach, go leanúnach i rith na sraithe sinsearaí.

Baineann na spriocanna dualgais sa chuid seo le:

  • dúshláin phraiticiúla a d’fhéadfadh a bheith roimh an bhfoghlaimeoir agus é nó í ag feidhmiú i bpobal ina labhraítear an sprioctheanga, mar shampla
  • casadh ar agus beannú do dhaoine agus caidreamh sóisialta a chothú
  • déileáil le taisteal agus le hiompras
  • earraí agus seirbhísí a cheannach
  • déileáil le héigeandálacha
  • gníomhaíochtaí agus plé a d’fhéadfadh titim amach tríd an sprioctheanga sa seomra ranga mar shampla
  • eolas faoin aimsir agus an aeráid a thuiscint, a lorg agus a thabhairt
  • mothúcháin a thuiscint agus a chur in iúl
  • páirt a ghlacadh i bplé
  • teachtaireachtaí a sheoladh ar aghaidh

Feasacht Teanga

Tagraíonn gnéithe de shiollabas na bunscoile d’fhorbairt feasacht teanga an fhoghlaimeora i siollabas na hArdteistiméireachta

Baineann na spriocanna dualgais sa chuid seo le:

  • feasacht a chothú sna foghlaimeoirí ar oibríochtaí na sprioctheanga
  • feasacht a chothú faoin mbaint a bhíonn ag an bhfoghlaimeoir féin leis an teanga
  • úsáid éifeachtúil na teanga a chothú
  • feasacht a chothú faoi ghnéithe ábhartha na máthairtheanga agus teangacha eile atá ar eolas ag an bhfoghlaimeoir.

Feasacht Chultúrtha

Tagraíonn gnéithe de shiollabas na bunscoile d’fhorbairt feasacht teanga an fhoghlaimeora i siollabas na hArdteistiméireachta. Ba chóir go gcabhródh na spriocanna sa chuid seo le hoideachas cultúrtha agus idirchultúrtha go ginearálta agus tá an fócas ar

  • phobal na sprioctheanga agus  
  • ar an ngaol idir an teanga agus Éire agus saol na hÉireann.

Téann na saincheisteanna dá dtagraítear dóibh i bhfad thar dheighiltí cultúrtha.

Baineann na spriocanna dualgais sa chuid seo le:

  • foghlaim sa sprioctheanga faoi chultúr an lae inniu mar a bhaineann sé leis an sprioctheanga
  • téacsanna nua-aimseartha liteartha a léamh sa sprioctheanga
  • cur síos a dhéanamh ar an ngnáthshaol agus plé a dhéanamh faoi i bpobal na sprioctheanga
  • gnéithe den ghaol idir pobal na sprioctheanga agus Éire a thuiscint agus a phlé agus cur síos a dhéanamh orthu
  • saincheisteanna ginearálta a sháraíonn deighiltí cultúrtha a thuiscint, a phlé agus cur síos a dhéanamh orthu.

Measúnú

Déantar measúnú trí scrúdpháipéar ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá scrúdú cluastuisceana agus scrúdú béil ag an dá leibhéal.

Stádas reatha

Tá an CNCM ag tabhairt faoi athbhreithniú ar theangacha  sa churaclam iar-bhunoideachais.

Doiciméadú

Siollabas Spainnis don Ardteistiméireacht

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie