Foramharc ar an ábhar
Cuireann an creat roghnach d’oideachas reiligiúnach struchtúr ar fáil do mhúinteoirí inar féidir leo clár don tsraith shinsearach a phleanáil do O.R. a bheadh oiriúnach do dhaltaí nach bhfuil ag glacadh le O.R. mar ábhar don Ardteistiméireacht.
Comhlánaíonn sé siollabas agus treoracha na hArdteistiméireachta agus ar an gcaoi sin ceadaíonn sé bainistíocht éasca ar an dá cheann. Dearadh an creat le súil ar na comhthéacsanna éagsúla inar féidir é a úsáid agus is féidir é a oiriúnú d'éiteas sainiúil scoile.
Cuirtear ar fáil é mar rogha do scoileanna.
Ábhar
Cuirtear an creat i láthair in ocht gcuid agus moltar go ndéanfadh daltaí staidéar ar dhá chuid i ngach uile bhliain.Is féidir roghnú agus seicheamh na gcodanna a éagsúlú chun a bheith oiriúnach do shuimeanna an mhúinteora agus na ndaltaí araon. Seans go mbeadh sé úsáideach áfach, Cuid A a úsáid mar réamhrá leis an gclár iomlán oibre.
Cuid A: An toraíocht ar bhrí |
Cuid B: An Chríostaíocht
Cuid C: Creidimh in Éirinn inniu
Cuid D: Moráltacht ar obair
Cuid E: Caint faoi Dhia
Cuid F: Creideamh beo – an ceart a dhéanamh
Cuid G: Ceiliúradh an chreidimh
Cuid H: Scéal
Measúnú
Níl an creat seo le haghaidh measúnú sna scrúduithe teistiméireachta. Dearadh é chun tacaíocht a thabhairt do réimse foirmeacha éagsúla measúnachta inscoile.
Stádas reatha
Níl an creat don tsraith shinsearach riachtanach agus dá bhrí sin cuirtear ar fáil é mar ghléas pleanála roghnach do scoileanna a dteastaíonn uathu comhoibriú agus bainistíocht O.R. na sraithe sinsearaí a fheabhsú.
Doiciméadú
Creatchuraclam don tSraith Shinsearach
Naisc ghaolmhara
Seirbhís Tacaíochta