Oideachas Reiligiúnach

Foramharc ar an ábhar

Éilíonn Oideachas Reiligiúin i gclár na hArdteistiméireachta taiscéaladh ar shaincheisteanna cosúil le brí agus luach, nádúr na moráltachta, forbairt na héagsúlachta agus an chreidimh, prionsabail na sochaí córa, agus impleachtaí a ghabhann le dul chun cinn eolaíoch.  Tá ról faoi leith aige sa churaclam i gcothú na caoinfhulaingte agus na comhthuisceana. Déanann sé iarracht ar na scileanna a fhorbairt i ndaltaí atá de dhíth chun comhrá lánbhrí a bheith acu le daoine le creideamh eile nó leo siúd nach bhfuil creideamh ar bith acu.

Ábhar

Féadfar tabhairt faoi oideachas reiligiúin don Ardteistiméireacht ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.  Tá trí aonad i gceist leis an gcúrsa.

Aonad a hAon:
Cuid A – An tóraíocht ar bhrí agus luachanna

Aonad a Dó
Aon dá cheann díobh seo:
Cuid B – An Chríostaíocht: Bunús agus nochtadh comhaimseartha
Cuid C – Reiligiúin an Domhain
Cuid D -  Cinnteoireacht mhorálta

Aonad a Trí
Aon cheann amháin díobh seo (seachas an dá chuid ainmnithe d'obair chúrsa)
Cuid E – Reiligiún agus inscne
Cuid F – Saincheisteanna ceartais agus síochána
Cuid G – Adhradh, urnaí agus deasghnáth
Cuid H – An Bíobla, litríocht agus téacs dhiaga
Cuid I –  Creideamh: taithí na hÉireann
Cuid J – Religiúin agus eolaíocht

Measúnú

Déantar oideachas reiligiúin a mheas ag an nGnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Tá dhá chomhpháirt mheasúnachta i gceist:  Scrúdpháipéar 80% agus obair le linn an chúrsa       20%.  Eisíonn Comisiún na Scrúduithe Stáit liosta topaicí d’obair an chúrsa ag tús gach bliain acadúil.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas um Oideachas Reiligiúin isteach i Mí Mheán Fómhair na bliana 2003 agus scrúdaíodh é den chéad uair i Mí an Mheithimh 2005. 

Doiciméadú

Siollabas um Oideachas Reiligiúin don Ardteistiméireacht
Oideachas Reiligiúin don Ardteistiméireacht – Treoirlínte do Mhúinteoirí

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Seirbhís Tacaíochta d'Oideachas Reiligiúin don Ardteistiméireacht
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie