Foramharc ar an ábhar
Ábhar praiticiúil agus teoiriciúil le réimse leathan is ea Matamaitic, dírithe ar fheidhmeanna ach suimiúil ann féin freisin. Tá a rian le feiceáil ar fud an domhain, idir nádúrtha agus saorga. Cuireann sí an teanga agus na teicnící ar fáil chun plé le gnéithe den ghnáthshaol agus de shaol na heolaíochta. Disciplín intleachtúil atá ann freisin, a bhíonn ag plé le teibíocht agus le hargóíntí loighce.
Cuirtear Matamaitic don Ardteistiméireacht ar fail ag trí leibhéal: Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, agus siollabas ar leith ann do gach leibhéal.
Ábhar
Cuirtear an t-ábhar ar fáil ag Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal faoi na ceannteidil seo a leanas:
- Uimhríocht (Gnáthleibhéal amháin)
- Ailgéabar
- Geoiméadracht
- Triantánacht
- Seichimh agus Sraitheanna
- Feidhmeanna agus Calcalas
- Matamaitic Scoite agus Staitisticí
Roghanna (Ardleibhéal)
- Calcalas agus Sraitheanna - Breis
- Dóchúlacht agus Staitistic - Breis
- Grúpaí
- Geoiméadracht - Breis
Roghanna (Gnáthleibhéal)
- Geoiméadracht - Breis
- Veicteoirí Plánacha
- Seichimh agus Sraitheanna - Breis
- Ríomhchlárú Líneach
Cuirtear an t-ábhar ar fáil ag an mBonnleibhéal faoi na ceannteidil seo a leanas:
Córais na nUimhreacha
- Uimhríocht
- Achair agus Toirt
- Ailgéabar
- Staitisticí agus Dóchúlacht
- Triantánacht
- Feidhmeanna agus Graif
- Céimseata
Measúnacht
Déantar scrúdú ar Mhatamaitic don Ardteistiméireacht ag na trí leibhéal le páipéir scrúdaithe deiridh. Tá dhá pháipéar ag gach leibhéal.
Stádas reatha
Tugadh na siollabais don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal isteach i mí Mheán Fómhair 1992 agus rinneadh scrúdú orthu don chéad uair sa bhliain 1994. Tugadh an siollabas don Bhonnleibhéal isteach i mí Mheán Fómhair 1995, in áit an chúrsa Roghnach Gnáthleibhéal, agus rinneadh scrúdú air don chéad uair sa bhliain 1997.
Doiciméadú
Matamaitic don Ardteistiméireacht (Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal)
Matamaitic don Ardteistiméireacht (Bonnleibhéal)
Matamaitic don Ardteistiméireacht (Bonnleibhéal) Draft guidelines for teachers
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Oidí Matamaitice na h-Éireann (IMTA)
Scoilnet