Léann Eabhrach

Foramharc ar an ábhar

Cuireann an cúrsa le haidhmeanna siollabais an Léinn Eabhraigh don Teastas Sóisearach trí na daltaí a chumasú a dtuiscint ar stair, ar chreideamh agus ar shibhialtacht an phobail Eabhraigh a dhoimhniú. Díríonn an cúrsa ar bhonn níos doimhne ar na príomhthéamaí maidir le hinstitiúidí, le smaointe faoin gcreideamh agus le róil de réir mar a cuireadh in iúl iad i rith na staire Iosraeilítí.

Ábhar

Tá an siollabas roinnte ina cheithre chuid, A, B, C, agus D, gach ceann acu a chumhdaíonn dhá phríomhthopaic faoin stair Iosraeilíteach. Tá téacsanna sonraithe do gach topaic.

Cuid A
1. An Teaghlach
2. An Rialtas agus an Mhonarcacht

Cuid B
1. Agóid na bhFáithe
2. Eagna

Cuid C
1. Adhradh (íobairt agus urnaí)
2. Féilte agus Siombailí

Cuid D
1. Toghchán agus Cúnant
2. Meisiasachas

Measúnacht

Deantar measúnú ar Léann Eabhrach don Ardteistiméireacht ar dhá leibhéal.  Déantar measúnú ar gach leibhéal trí scrúdú deiridh scríofa. Tá ceithre chuid sa pháipéar ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal ag teacht leis na ceithre chuid den siollabas. Tá na ceisteanna i ngach cuid (d’fhéadfadh gramadach na hEabhraise a bheith i gceist) bunaithe ar dhá shliocht as téacsanna sonraithe Eabhraise, ceann a bhaineann le gach ceann de na topaicí sa chuid sin den siollabas. Caithfidh iarrthóirí déileáil le giota amháin i ngach cuid.

Tá an t-ábhar céanna sa Ghnáthlebhéal agus san Ardleibhéal, ach amháin go mbeidh ceist amháin ar gach ceann de na hocht dtopaicí sonraithe difriúil ó na ceisteanna sonraithe sna topaicí céanna ar pháipéar an Ghnáthleibhéil.

Doiciméadú

Siollabas do Léann Eabhrach don Ardteistiméireacht (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie