Foramharc ar an ábhar
Baineann Laidin don Ardtestiméireacht le staidéar a dhéanamh ar an Laidin, agus roinnt údar Chlasaiceacha na Laidine a léamh agus staidéar a dhéanamh ar Stair, Ealaín agus Litríocht na Róimhe.
Ábhar
Féadfar tabhairt faoin Laidin don Ardteistiméireacht ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Níl an dualgas ar dhaltaí an Ghnáthleibhéil an oiread sin udáir Laidine don chuid neamhshonraithe a léamh.
Seo a leanas na codanna sa chúrsa:
Cumadóireacht (aistriúchán go Laidin) nó Léamhthuiscint (ceisteanna a fhreagairt i mBéarla nó i nGaeilge faoi ghiota Laidine).
Aistriúchán Neamhshonraithe
Aistriúchán Sonraithe
Gramadach
Stair, Ealaín, Ailtireacht agus Litríocht na Róimhe,
Measúnacht
Déantar measúnú trí scrúdú deiridh scríofa. Is páipéir ar leith iad páipéir an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil.
Stádas reatha
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCNCM ar Laidin don Teastas Sóisearach.
Doiciméadú
Siollabas Laidine don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Chlasaicí na hÉireann-Múinteoirí
Comhchumann Mhúinteoirí na gClasaicí