Léann Clasaiceach

Foramharc ar an ábhar

Baineann an Léann Clasaiceach le sibhialtachtaí na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe i ngach uile léiriú agus lena dtionchar leanúnach ar an domhan nua-aimseartha.  San áireamh tá stair, litríocht, ealaín, ailtireacht, drámaíocht agus fealsúnacht.

Búnus maith sa domhan Gréagach-Rómhánach a bheidh ag daltaí a bhfuil an Léann Clasaiceach déanta acu ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Níl sé riachtanach, áfach, chun tabhairt faoin Léann Clasaiceach don Ardteistiméireacht.

 

Ábhar

Féadfar tabhairt faoin Léann Clasaiceach don Ardteistiméireacht ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.  Is é an bunaonad ag an dá leibhéal an topaic féin.   Tá deich gcinn de thopaicí sonraithe le scrúdú a dhéanamh orthu.   Tá na topaicí sonraithe i dtrí ghrúpa mar seo a leanas:

Grúpa I
Topaic 1. Cathair na hAithne le linn Cogaidh
Topaic 2. Alastar Mór
Topaic 3. An Saol agus An Smaointeoireacht i bPoblacht Dhéanach na Rómhánach
Topaic 4. Staraithe Rómhánacha

Grúpa II
Topaic 5. Drámaíocht Ghréagach
Topaic 6. Eipic Ársa
Topaic 7. Scríbhneoirí Aimsir Agustus

Grúpa III
Topaic 8. Ealaín agus Ailtireacht i Sochaí na nGréagach
Topaic 9.  An Fealsúnaí sa tSochaí: Staidéar ar Socrates agus Plato
Topaic 10. Ealaín agus Ailtireacht na Róimhe

Measúnacht

Deantar measúnú ar Léann Clasaiceach don Ardteistiméireacht ar dhá leibhéal. Is páipéir ar leith iad páipéir an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil.  Éilítear ar iarrthóirí ceisteanna a fhreagairt ar cheithre thopaic sa scrúdú, ag tógáil topaic amháin ar a laghad ó gach grúpa.

Stádas reatha

Tá an siollabas reatha i bhfeidhm ó rinneadh scrúdú ar an Léann Clasaiceach sa bhliain 1985.  Tá an siollabas faoi athbhreithniú ag an gCNCM.

Doiciméadú

Siollabas do Léann Clasaiceach don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Clasaiceach na hÉireann-Múinteoirí
Comhchumann Múinteoirí na gClasaicí

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie