An Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide

Foramharc ar an ábhar

Soláthraíonn an Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide deis do dhaltaí eolas a chuirtear i láthair i bhfocail nó i bhfoirm ghrafach a shamhlú agus a thuiscint. Déantar forbairt ar scileanna fadhbréitigh agus ar scileanna cruthaitheacha trí ghrafaic dhéthoiseacha agus tríthoiseacha araon a anailísiú agus a fhuascailt. Cuirtear grafaic agus dearadh i láthair le scileanna sceitseála saorláimhe, le trealamh traidisiúnta línitheoireachta agus le dearadh ríomhchuidithe (CAD).

Ábhar

Cuirtear an t-ábhar i láthair i bhfoirm croí-réimse móide roghanna. Caithfear gach mír den chroí-réimse a chlúdach ach ní gá ach dhá rogha a chlúdach.

Croí: (A) Céimseata Plána agus Tuairisciúil

Córais Teilgin

  • Teilgean Ortagrafach
  • Líníocht isiméadrach agus teilgean aismhéadrach
  • Líníocht/teilgean peirspictíochta

Céimseata Plána

  • Fíoracha plána a thógáil
  • Lócais a dhéanamh
  • Ciorcail i dteagmháil le pointí, línte agus cuair

Cónghearrthacha

  • Téarmaíocht
  • Éilips, Parabóil agus Hipearbóil mar chónghearrthaí agus mar lócais gheoiméadracha
  • Tadhlaíocht
  • Díorthú pointí fócasacha, treoirlínte agus éalárnacht

Céimseata Tuairisciúil Línte agus Plánaí

  • Sainmhíniú plána, a fhíorchruth agus a chlaonais
  • Plánaí fiara agus plánaí tadhaill; trasnuithe
  • Comhordanáidí dronuilleogacha
  • Sceabhlínte
  • Gaolmhaireachtaí spásúla idir línte agus plánaí

Trasnú agus forbairt dromchlaí

  • Forbairt dromchlaí agus imchlúdach dronsolad
  • Trasnú dromchlaí; trasnú dronsolad

Croí: (B) Grafaic Dhearaidh agus Ríomhghrafaic a Chur in Iúl

Grafaic i nDearadh agus i gCumarsáid

  • Straitéisí dearaidh agus breithmheas dearaidh; próisis an dearaidh
  • Giniúint agus léirmhíniú treoracha le haghaidh dearadh

Dearadh a Chur in Iúl

  • Caighdeáin agus coinbhinsiúin líníochta, modhanna agus leagan amach láithreoireachta
  • Toisiú agus nodaireacht

Líníochtaí Saorláimhe

  • Ábhair le haghaidh líníochtaí saorláimhe
  • Cruth, foirm, uigeacht agus ábhar a léiriú; solas agus scáth; úsáid dathanna

Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide

  • Grafaic agus bogearraí DRC: téarmaíocht agus bogearraí; prionsabail sceitseála
  • Líníochtaí láithreoireachta, samhlacha paraiméadracha; úsáid teimpléad agus leabharlann
  • Próiseáil agus ionramháil íomhánna; malartú sonraí; aschur grafach

Roghanna: (Roghnaigh aon dá cheann)

Meicníochtaí Dinimiciúla

  • Ionbhlóidigh, héilicseanna agus bíseanna agus tadhlaithe gaolmhara
  • Meicníochtaí nascála
  • Próifílí ceama

Foirmeacha Struchtúracha

  • Dromchlaí le rialú amháin agus dromchlaí dé-rialaithe, a dteilgin agus a dtrasghearrthaí
  • Dromchlaí aistrithe; parabóilóideach hipearbolóideach
  • Stiúrthóirí plána
  • Cruinneachán geodasach

Céimseata Geolaíoch

  • Claonas, treoíocht, lomán agus tiús stratam a chinneadh; próifílí ó chomhrianta
  • Úsáid tollpholl sceabhach
  • Trasghearrthaí trí stratam
  • Gearradh agus gearrthacha claífoirt d'fhoirgníochtaí comhréidh agus claonta

Céimseata Dromchla

  • Forbairt dromchlaí, duchtú agus míreanna idirlinne
  • Teilgean míreanna idirlinne

Cóimeálacha

  • Léirmhíniú líníochtaí scartha agus líníochtaí cóimeáilte
  • Leagan amach agus coinbhinsiúin líníochta; tras-amhairc, haitseáil, toisiú
  • Siombailí do dhromchla meaisín agus d'uigeacht; cóimeálacha mionsamhlaithe

Measúnacht

Measúnaítear Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Scrúdú ceann cúrsa 3 uair an chloig agus cur i gcrích tasc dalta a bhaifidh le téama nó topaic ar ghá imscrúdú agus cinnteoireacht a dhéanamh air a bheidh sa mheasúnú ag gach ceann den dá leibhéal.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas seo isteach sna scoileanna den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2007 in ionad Líníocht Theicniúil don Ardteistiméireacht agus scrúdófar é den chéad uair i mí an Mheithimh 2009.

Doiciméid

PDFLeaving Certificate Design and Communication Graphics Syllabus

PDFSiollabas na Grafaice Dearaidh agus Cumarsáide

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Tacaíonn dhá cheann de chumainn ábhair le múinteoirí an ábhair seo
Cumann na Múinteoirí Teicneolaíochta in Éirinn agus Cumann na Múinteoirí Teicneolaíocht Innealtóireachta (ETTA)
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie