Gnó

Foramharc ar an ábhar

Is cúrsa é seo le fócas praiticiúil agus gairmiúil a chuireann saol an ghnó ar shúile na ndaltaí go soiléir agus go loighciúil. Tá sé d’aidhm aige feasacht a chruthú faoi thábhacht ghníomhaíochtaí gnó agus dearcadh dearfach agus eiticiúil a fhorbairt ina leith. Tá tábhacht an duine sa ghnó aibhsithe. Tá sé d’aidhm ag an gcúrsa an próiseas a úsáidtear chun gnó a bhunú agus chun táirge nó seirbhís nua a bhunú a léiriú. Leagann sé béim ar an tábhacht a bhaineann le dea-bhainistíocht agus déileálann sé le scileanna agus leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach don dea-chleachtas bainistíochta.   Déileálann sé chomh maith le tionchar na teicneolaíochta, le trádáil eachtrannach, le gnólachtaí domhanda, agus le hiomaíocht agus struchtúir ghnó agus leis an eacnamaíocht náisiúnta.

Ábhar

Aonad 1 

  • Daoine sa Ghnó
  • Leasanna i gcoimhlint lena chéile.

Aonad 2 

  • Fiontraíocht

Aonad 3   Bainistíocht

  • Bainistíocht
  • Cumarsáid

Aonad 4   

  • Airgeadais an Tí agus Gnó, Árachas, Cánachas
  •  Bainistíocht Acmhainní Daonna
  •  Ról Síorathraithe na Bainistíochta
  •  Monatóireacht Ghnó le hanailís chóimheasa.

Aonad 5

  • Deiseanna a aithint
  • Margaíocht
  • Ag tosú
  • Leathnú amach

Aonad 6

  • Earnálacha Gnó
  • Struchtúr Gnó
  • Forbairt Phobail
  • Gnó, Rialtas agus Oibrithe
  • Freagrachtaí Sóisialta agus Eiticiúla Gnó

Aonad 7

  •  An Timpeallacht Idirnáisiúnta Trádála
  • An tAontas Eorpach
  • Gnó Idirnáisiúnta

Measúnacht

Déantar measúnú ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas do staidéar gnó don Ardteistiméireacht isteach sa bhliain 1997 agus scrúdaíodh é den chéad uair sa bhliain 1999.

Doiciméadú

Siollabas Gnó don Ardteistiméireacht

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Múinteoirí Staidéar Gnó na hÉireann (BSTAI)
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie