Fisic agus Ceimic

Foramharc ar an ábhar

Is siollabas discréideach é an siollabas Fisice agus Ceimice agus ní gá do dhaltaí a thugann faoin ábhar seo i scrúdú na hArdteistiméireachta aon cheann de na siollabais aonair Fisic don Ardteistiméireacht ná Ceimic don Ardteistiméireacht a dhéanamh.

Ábhar

Cuimsíonn an siollabas na príomh-thopaicí seo a leanas:

  • Meicnic lena n-áirítear treoluas, luasghéarú, mais, obair, agus fuinneamh
  • Solas – optaic: dlí an fhrithchaithimh agus an athraonta, scátháin agus lionsaí
  • Solas -  tonn-teoiric; speictream leictreamaighnéadach agus fóta-astú
  • Réamhrá maidir le leictreachas statach agus sruthleictreachas
  • Maighnéadas agus leictreamaighnéadas
  • Teas, teocht agus teoiric chinéiteach
  • Struchtúr an adaimh agus an Tábla Peiriadach,
  • Radaighníomhaíocht
  • Teoiric móilíneach; struchtúr agus cruth móilíní simplí
  • Nascadh ceimiceach – naisc ianacha, comhfhiúsacha agus miotalacha
  • Imoibrithe ceimiceacha agus cothromóidí ceimiceacha lena n-áirítear mais adamhach choibhneasta
  • Túseolas ar theirmiceimic agus Céad-Dlí na Teirmidinimice
  • Imoibrithe ceimiceacha: teoiric aigéad-bhunaithe; ocsaídiú agus laghdú
  • Leictriceimic agus an tsraith ghníomhaíochta
  • An cheimic a bhaineann le hidrigin, ocsaigin agus le clóirín
  • Réamhrá maidir le ceimic orgánach

Is ábhar turgnamhach agus praiticiúil é Fisic agus Ceimic agus meastar gur chuid thábhachtach den chúrsa í an obair phraiticiúil a dhéanann daltaí. Tá liosta de na turgnaimh oiriúnacha a thabharfaidh daltaí fúthu curtha san áireamh i ngach cuid den siollabas.

Measúnú

Déantar Fisic agus Ceimic don Ardteistiméireacht a mheas ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Déantar Measúnú trí scrúdpháipéar ceann cúrsa.Bítear ag súil go dtaispeáfaidh iarrthóirí Ardleibhéil tuiscint níos doimhne ná iarrthóirí Gnáthleibhéil. Ba chóir taifid a choinneáil d’obair phraiticiúil daltaí agus ba chóir go mbeidís ar fáil le hiniúchadh.

Stádas reatha

Tugadh isteach an siollabas den chéad uair sna 1970idí. Tá an CNCM ag cur bailchríoch ar shiollabas athbhreithnithe faoi láthair, leis an teideal Eolaíocht Cheimiceach agus Fhisiceach. Níl aon dáta feidhmithe socraithe don siollabas athbhreithnithe .

Doiciméadú

Siollabas Fisice agus Ceimice don Ardteistiméireacht (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) – níl siad ar fáil faoi láthair

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
http://chemistry.slss.ie/
http://physics.slss.ie/
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
Scoilnet
www.psi-net.org

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie