Fisic

Foramharc ar an ábhar

Tá sé d’aidhm ag an ábhar seo tuiscint a thabhairt do mhic léinn ar phrionsabail bhunúsacha na fisice agus ar an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm sa ghnáthshaol iad. Cuireann sé oideachas ginearálta san fhisic ar fáil do na daltaí uile, ag cuidiú leo tuiscint a fhorbairt ar an modh eolaíochta agus cumas a fhorbairt sa bhreathnú, sa smaoineamh loighciúil agus sa chumarsáid éifeachtúil.

Tá an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an tsochaí (ETS) mar ghnéithe bunúsacha sa siollabas sa chaoi is go mbeidh mic léinn eolach ar phrionsabail fheidhmiúcháin na fisice sa ghnáthshaol.

Ábhar

Cuirtear an t-ábhar ar fáil ag Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Meicnic
  • Teocht
  • Teas
  • Tonnta
  • Creathanna agus Fuaim
  • Solas
  • Leictreachas
  • Fisic Nua-aimseartha

Rogha 1: Fisic na gCáithníní (Ardleibhéal amháin)

Rogha 2: Leictreachas Feidhmeach (Ardleibhéal amháin)

Ag an Ardleibhéal, pléitear le Fisic ar bhealach níos doimhne agus níos cainníochtúla.

Bíonn cúrsa d’obair phraiticiúil á leanúint ag mic léinn, le trialacha dualgais i ngach ceann de phríomhranna an tsiollabais.

Measúnacht

Déantar measúnacht ar Fhisic don Ardteistiméireacht le scrúdú deiridh scríofa ag gach leibhéal. Ní mór do mhic léinn taifead a choinneáil dá saothar praiticiúil thar an dá bhliain den chúrsa.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas isteach sna scoileanna i mí Mheán Fómhair 2000 agus rinneadh scrúdú air den chéad uair i mí an Mheithimh 2002.

Doiciméadú

Siollabas na hArdteistiméireachta – Fisic(Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)
Fisic don Ardteistiméireacht – Teacher's guidelines

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta don Fhisic
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie