Eolaíocht Talmhaíochta

Foramharc ar an ábhar

Baineann eolaíocht talmhaíochta le staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht agus an teicneolaíocht atá mar bhonn taca ag prionsabail agus cleachtais talmhaíochta. Tá sí mar aidhm aige eolas, scileanna agus an dearcadh a bhaineann leis na fachtóirí a mbíonn éifeacht acu ar féin-leas fadtéarmach acmhainní talmhaíochta a fhorbairt, agus leagann sé béim ar úsáid bhainistithe a bhaint as na hacmhainní sin.

Ábhar

Cuimsíonn an cúrsa staidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla talmhaíochta faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Ithreacha
  • An struchtúr agus an fheidhm ghinearálta atá ag plandaí
  • Barra feirme – arbhar agus fréamhacha
  • Barra feirme – talamh féir
  • Crainn agus foscadh
  • An struchtúr agus an fheidhm atá ag corp an ainmhí
  • An bhó, an chaora, an capall agus an muc
  • Foirgnimh feirme (le haghaidh measúnú scoile amháin)
  • Timpeallacht feirme-tí (le haghaidh measúnú scoile amháin)

Measúnú

Cuimsíonn an scrúdú in Eolaíocht Thalmhaíochta (a) scrúdpháipéar ceann cúrsa agus (b) masúnú ar obair an iarrthóra le linn an chúrsa faoi na ceannteidil: cineálacha plandaí agus ainmhithe a bhaineann le talmhaíocht a shainaithint; taithí phraiticiúil le barra, beostoc, leagan amach cró agus clós feirme; imscrúduithe a rinneadh maidir le héiceolaíocht, eolaíocht ithreach, fiseolaíocht ainmhithe, fiseolaíocht plandaí, géineolaíocht agus micribhitheolaíocht.

Stádas reatha

Tá athbhreithniú déanta ar Eolaíocht Thalmhaíochta don Ardteistiméireacht agus tá siollabas athbhreithnithe tugtha chun críche. Cuirfear an siollabas athbhreithnithe, ar a cheadú ag an gCNCM, ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta lena fheidhmiú i scoileanna in am trátha.

Doiciméadú

Siollabas Eolaíocht Thalmhaíochta don Ardteistiméireacht (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie