Foramharc ar an ábhar
Is cúrsa leathan é atá sa siollabas ealaíne don Ardteistiméireacht, déanta de cheithre aonad. Ba chóir na haonad seo a nascadh le chéile bunaithe ar ghnáththaithí fhísiúil i dtimpeallacht an dalta féin.
Ábhar
An cúrsa céanna a dhéanann daltaí ag an nGnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Is féidir Sceitseáil Saoil, Nithe Neamhbheo, Cumadóireacht Shamhlaíoch, Dearadh agus Obair Cheardaíochta a dhéanamh.
Is cúrsa leathan é Stair na hEalaíne agus Meas ar an Ealaín a chumhdaíonn Ealaín na hÉireann agus na hEorpa mar aon le Meas ar an Ealaín. Éilíonn sé go mbreathnófaí ar ealaín trí mhacasamhala, sleamhnáin agus dánlanna ealaíne a úsaid, leabhair a léamh agus aistí a scríobh ar ábhair éagsúla.
Measúnacht
Déantar measúnú ar ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Is é caighdeán na hoibre a shainíonn an difríocht idir na leibhéil. Seo iad na modhanna méasúnachta:
- Scrúduithe praiticiúla i Mí na Bealtaine.
Is iad sin:
- Sceitseáil ón mBeo
- Cumadóireacht Nithe Neamhbheo nó Cumadóireacht Teibí
- Dearadh nó Obair Cheardaíochta
Tá páipéir ag gabháil leis an dá scrúdú deireanacha, agus scaiptear iad coicís roimh an scrúdú chun cabhrú leis na daltaí smaointe agus taighde agus dearthaí a ullmhú.
Déanann na daltaí scrúdú scríofa le roinnt sceitseanna agus ceisteanna mar gheall ar stair na healaíne agus meas ar an alaín i mí an Mheithimh.
Stádas reatha
Rinne an CNCM athbhreithniú ar an siollabas seo.Níl dáta chun é a chur i bhfeidhm socraithe go fóill.
Doiciméadú
Siollabas Ealaíne don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
www.artteachers.ie
Scoilnet