Eacnamaíocht Bhaile

Foramharc ar an ábhar

Soláthraíonn siollabas na hArdteistiméireachta san Eacnamaíocht Bhaile an t-eolas, an tuiscint, na scileanna agus na dearcaí chun a saolta féin a bhainistiú agus chun iad a ullmhú don bhreisoideachas nó don ardoideachas nó do shaol na hoibre. Forbraíonn na héispéiris fhoghlama san eacnamaíocht bhaile solúbacht agus inoiriúnaitheacht sna daltaí, ullmhaítear iad don tsochaí atá dírithe ar thomhaltas agus cuirtear bunús foghlama ar fáil do réimse leathan gairmeacha beatha i mbia, i dteicstílí, in eolaíocht, i ndearadh, sa staidéar sóisialta agus i dturasóireacht.  Is ábhar feidhmeach é ina bhfuil an teoiric agus an cleachtas nasctha le chéile. Baineann sé le bainistíocht acmhainní (ábhair agus daoine) chun freastal ar riachtanais fhisiciúla, mhothúchánacha, éirime, shóisialta agus eacnamaíochta dhaoine aonair agus teaghlaigh. Leagann an staidéar ar eacnamaíocht bhaile béim ar na gaolmhaireachtaí idirspleácha atá ann idir dhaoine aonair, theaghlaigh agus a dtimpeallachtaí gar dóibh agus i bhfad uathu.

Ábhar

Tá an siollabas seo bunaithe ar  thrí réimse staidéir a thabharfaidh gach dalta fúthu agus staidéar roghnach amháin, as rogha de thrí cinn.

Croí - Ábhar

  • Staidéar bia
  • Bainisteoireacht acmhainní agus staidéar tomhaltóra
  • Staidéar sóisialta

Ábhair Roghnacha

Tugann an staidéar roghnach deis do na daltaí staidéar níos doimhne a dhéanamh ar réimse amháin den chroí – ábhar.

  • Tá trí ábhar roghnacha ann agus féadfar staidéar a dhéanamh ar cheann amháin:
  • Dearadh agus Riar Tí
  • Teicstílí, faisean agus dearadh
  • Staidéar sóisialta

Measúnú

Déantar Eacnamaíocht Bhaile  - Eolaíoch agus Sóisialta a mheas ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal mar seo a leanas:

  • Scrúdú deiridh scríofa
  • Measúnú ar na gnéithe praiticiúla den chlár, sé sin staidéar bia ón gcroí-réimse agus an     t-ábhar roghnach teicstílí, faisean agus dearadh (mar is cuí).

Scrúdpháipéar   80%
Croí - Ábhar  60%  
Ábhair Roghnacha  20%

Measúnú ar obair phraiticiúil an chúrsa  20%

Stádas reatha

Rinneadh athbhreithniú ar an siollabas Eacnamaíocht Bhaile – Eolaíoch agus Sóisialta sa bhliain 2001 agus cuireadh i bhfeidhm é sa bhliain 2002.  Rinneadh scrúdú air den chéad uair sa bhliain 2004.

Doiciméadú

Siollabas Eacnamaíocht Bhaile don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Eacnamaíocht Bhaile don Ardteistiméireacht– Teacher's guidelines

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís tacaíochta don Eacnamaíocht Bhaile
Cumann na Múinteorí Eacnamaíocht Bhaile (ATHE)
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie