Foramharc ar an ábhar
Is bealach le smaointeoireacht a dhéanamh faoi conas a dhéanann daoine cinntí agus faoi conas a dhéanann siad idirghabháil le chéile é an eacnamaíocht. Is ceann de na heolaíochtaí cognaíocha agus soisialta é mar sin, amhail an tsocheolaíocht, an tsíceolaíocht agus an fhealsúnacht. Díríonn eacnamaíocht ar “ghnáthghnó na beatha” mar a luaigh Alfred Marshall. Míníonn sé conas a fhaighimid ár n-ioncaim, conas a úsáidimid iad, an soláthar acmhainní, táirgeadh agus malartú earraí agus seirbhísí. Tá iarmhairtí sóisialta ag cinntí a bhaineann leo seo, bíodh siad d’aon ghnó nó trí thimpiste, agus déantar anailís orthu san eacnamaíocht chomh maith.
Beidh réamheolas bunúsach ag daltaí a rinne Staidéar Gnó don Teastas Sóisearach ar an eacnmaíocht ach níl sé riachtanach chun tabhairt faoin Eacnamaíocht don Ardteistiméireacht.
Ábhar
Soláthraíonn an siollabas eacnamaíochta don Ardteistiméireacht réamhléiriú leathan ar an eacnamaíocht do dhaltaí. Cuireann sé nádúr na heacnamaíochta agus na coincheapa bunúsacha faoin eacnamaíocht in iúl don dalta. I ndiaidh an réamhléirithe, is iad na haonaid staidéir a thugtar futhu ná
- Táirgeacht agus tomhaltas
- Córais eacnamaíochta agus smaointeoireacht eacnamaíochta
- Éileamh agus soláthar
- Praghas agus aschur
- Fachtóireacht ioncaim
- An tIoncam Náisiúnta agus a luaineacht
- Airgead agus baincéireacht
- An Rialtas san eacnamaíocht
- Boilsciú
- Trádáil agus íocaíochtaí idirnáisiúnta
- Téarmaí trádála
- Eacnamaíocht an daonra
- Eacnamaíocht an fháis agus na forbartha
Measúnacht
Déantar an siollabas a mheas trí scrúdú deiridh scríofa ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, in ord ardaitheach deacrachta.
Stádas reatha
Rinneadh athbhreithniú ar Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta agus réitíodh siollabas athbhreithnithe. Ceadóidh an CNCM an siollabas athbhreithnithe in Earrach na bliana 2006 agus nuair a cheadófar é, eiseofar chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta é d’fhonn é a chur i bhfeidhm sna scoileanna in am tráth.
Doiciméadú
Siollabas Eacnamaíochta don Ardteistiméireacht
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Múinteoirí Gnó na hÉireann (BSTAI)
Scoilnet