Foramharc ar an ábhar
Soláthraíonn ceol don Ardteistiméireacht leanúnachas agus dul chun cinn ó cheol don Teastas Sóisearach. Tá na haidhmeanna agus an cruth ginearálta mórán mar an gcéanna. Tríd an eolas faoin gceol, an tuiscint agus na hinniúlachtaí praiticiúla agus na dearcaí oiriúnacha dá n-aois, dá gcumas, agus dá n-ábhar inspéise a sholáthar is féidir a rá go bhfreastalaíonn an siollabas ar riachtanais athraitheacha na ndaltaí agus iad siúd a bhfuil sé ar intinn acu leanúint ar aghaidh lena staidéar sa cheol.
Ábhar
Baineann ábhar an tsiollabais seo le sraith de ghníomhaíochtaí atá idirnasctha laistigh de gach ceann de na trí chroíréimse d'eispéireas an cheoil – ceolchasadh, cumadóireacht agus éisteacht. Sa cheolchasadh is féidir le daltaí rogha a dhéanamh as gníomhaíochtaí éagsúla aonair nó grúpa.
Sa chumadóireacht is féidir le daltaí rogha a dhéanamh as réimse de cheachtanna sonraithe nó ag an Ardleibhéal, d’fhéadfaidís saorchumadóireacht a chur i láthair d'fhonn cuid de na riachtanais chumadóireachta a chomhlíonadh.
Baineann an chomhpháirt éisteachta le tréimhsí ceoil, stíleanna agus seánraí éagsúla. Déanann daltaí staidéar ar:
- Saothair dhualgais
- Ceol Gaelach
- Scileanna éisteachta
- topaic speisialta staidéir (speisialtóireacht san éisteacht ag an Ardleibhéal)
Is féidir le daltaí speisialú a dhéanamh i gceann amháin de an trí réimse d'eispéireas an cheoil. Ceadaíonn struchúr an tsiollabais dóibh 50% den obair a dhéanamh trí ghníomhaíocht an cheoil is fearr a oireann dá suimeanna agus dá mbuanna. Ceadaíonn ábhar an tsiollabais éagsúlacht leathan i roghnú na n-ábhar múinteoireachta agus i roghnú an chur chuige. Spreagtar gach seánra ceoil.
Dearadh an siollabas chun múineadh na ndaltaí le cumais éagsúla a chumasú. Tugann daltaí an Ghnáthleibhéil faoi cheachtanna atá oiriúnach dá bhforbairt sa cheol. Tugann daltaí an Ardleibhéil faoi cheachtanna cosúil leo sin, ach amháin go mbíonn siad ag leibhéal níos casta, maraon le obair a dhéanamh sa réimse speisialta.
Measúnacht
Déantar Ceol don Ardteistiméireacht a mheas ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Seo iad na modhanna méasúnachta;
- Scrúdú praiticiúil ar cheolchasadh an duine aonair agus/nó mar bhall de ghrúpa
- Scrúdú éisteachta agus scríofa i gcumadóireacht agus in éisteacht le ceol.
Cuirfidh daltaí an Ardleibhéil a roghnaíonn cumadóireacht mar rogha speisialta samplaí dá saothar i láthair le haghaidh measúnaithe.
Doiciméadú
Siollabas an Cheoil don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann na Múinteoirí Ceoil Iarbhunscoile (Éire)
Scoilnet