Foramharc ar an ábhar
Tá sé d’aidhm ag an ábhar cúrsa ábhartha a sholáthar do mhic léinn a chríochnóidh staidéar ar an gCeimic ag an leibhéal seo agus, ag an am céanna, bonnchúrsa a sholáthar dóibh siúd a leanfaidh ag staidéar na Ceimice nó ábhair ghaolmhara nuair a chríochnaíonn siad an Ardteistiméireacht. Tá thart ar 70% den siollabas ag plé le ceimic ghlan; pléann an 30% eile le gnéithe sóisialta agus feidhmeacha den cheimic.
Ábhar
Cuirtear an t-ábhar ar fáil ag Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal faoi na ceannteidil seo a leanas:
- An Tábla Peiriadach agus Struchtúr Adamhach
- Nascadh Ceimicach
- Stócaiméadracht, Foirmlí agus Cothromóidí
- Anailís Thoirtmhéadrach
- Breoslaí agus Teas Imoibriúcháin
- Rátaí Imoibrithe
- Ceimic Orgánach
- Cothromaíocht Cheimicach
- Ceimic Chomhshaoil: Uisce
Rogha 1
1A: Ceimic Thionsclaíoch Bhreise
1B: Ceimic Atmaisféarach
Rogha 2
2A: Ábhair
2B: Leictreaceimic Bhreise agus Eastóscadh Miotal
Liostaítear trialacha dualgais ag deireadh gach príomh-roinne siollabais.
Measúnú
Déantar measúnacht ar Cheimic don Ardteistiméireacht le scrúdú deiridh scríofa ag gach leibhéal. Ní mór do mhic léinn taifead a choinneáil dá saothar praiticiúil thar an dá bhliain den chúrsa.
Stádas reatha
Tugadh an siollabas isteach sna scoileanna i mí Mheán Fómhair 2000 agus rinneadh scrúdú air don chéad uair i mí an Mheithimh 2002.
Doiciméadú
Siollabas na hArdteistiméireachta – Ceimic (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)
Siollabas na hArdteistiméireachta – Ceimic Guidelines for teachers
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta – Cemic
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
Scoilnet