Foramharc ar an ábhar
Staidéar na beatha is ea an bhitheolaíocht.Úsáideann daltaí próisis eolaíochta agus iad ag déanamh staidéir ar an mbitheolaíocht agus iad ag taiscéaladh éagsúlacht na beatha agus na n-idirghaolmhaireachtaí idir orgánaigh; iad féin san áireamh. Éiríonn siad feasach faoin úsáid is féidir a bhaint as orgánaigh agus a gcuid táirgí chun cur le sláinte an duine agus na timpeallachta. Tugtar an t-eolas, na scileanna, agus an tuiscint dóibh chun dul ar aghaidh lena gcuid oideachais, nó le hoiliúint agus fostaíocht i réimsí a bhaineann le bitheolaíocht a fháil, chun breithiúnas a thabhairt ar shaincheisteanna comhaimseartha sa bhitheolaíocht agus san eolaíocht a théann i bhfeidhm ar a saol laethúil agus ar an tsochaí.
Tá 70% den churaclam comhdhéanta d’fhíricí, de thuiscint agus de scileanna na bitheolaíochta agus déileálann an 30% eile le gnéithe teicneolaíochta, polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíochta na bitheolaíochta.
Ábhar
Cuirtear an t-ábhar i láthair ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal in aonaid agus i bhfo-aonaid:
- Bitheolaíocht - Staidéar na Beatha
1.1. An Modh Eolaíochta
1.2. Tréithe na Beatha
1.3. Cothú
1.4. Prionsabail Ghinearálta na hÉiceolaíochta
1.5. Staidéar ar Éiceachóras - An Chill
2.1. Struchtúr na Cille
2.2. Meitibileacht na Cille
2.3. Leanúnachas na Cille
2.4. Ilghnéitheacht na Cille
2.5. Géineolaíocht - An tOrgánach
3.1. Ilghnéitheacht na nOrgánach
3.2. Eagrúchán agus na Struchtúir Shoithíocha
3.3. Iompar agus Cothú
3.4. Córas Análaithe agus Eisfhearadh
3.5. Freagairtí do Spreagthaí
3.6. Atáirgeadh agus Fás
Tá an doimhneacht ina ndéileáltar le saincheisteanna agus le gníomhaíochtaí praiticiúla liostaithe.
Measúnacht
Déantar Bitheolaíocht don Ardteistiméireacht a mheas trí scrúdú deiridh scríofa ag gach leibhéal. Tá dualgas ar dhaltaí taifid dá n-obair phraiticiúil thar thréimhse dhá bhliain an chúrsa a choiméad.
Stádas reatha
Tugadh an siollabas isteach chuig na scoileanna i Mí Meán Fómhair na bliana 2002 agus scrúdaíodh é don chéad uair sa bhliain 2004.
Doiciméadú
Siollabas na Bitheolaíochta don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)
Bitheolaíocht don Ardteistiméireacht – Teacher guidelines
Bitheolaíocht don Ardteistiméireacht – Support material (Laboratory handbook for teachers)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta Bitheolaíochta
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
Scoilnet