Foramharc ar an ábhar
Ag tógáil ar aidhmeanna an Bhéarla sa tsraith shóisearach, tá sé d’aidhm ag an gclár sa tsraith shinsearach an méid seo a leanas a fhorbairt i ndaltaí:
- Litearthacht aibí agus chriticiúil d'fhonn iad a ullmhú do fhreagrachtaí agus do dhúshláin saoil an duine fásta i ngach comhthéacs.
- Meas agus omós d'úsáid chruinn agus chuí teanga agus cumas i réimse leathan scileanna teanga labhartha agus scríofa;
- Feasacht faoi luach na litríochta ina foirmeacha éagsúla chun a bpeirspeictíochtaí a shaibhriú, chun cur lena mothú faoina bhféiniúlacht chultúrtha, agus chun eispéiris maidir le taitneamh aeistéitiúil a chruthú.
Ábhar
Eagraítear an siollabas ar dhá fhearann ginearálta, is iad sin an tuiscint agus an chumadóireacht. Laistigh den dá fhearann seo beidh na daltaí an-ghníomhach agus iad ag úsáid na teanga faoi.
- Teanga na faisnéise
- Teanga na hargóinte
- Teanga an áitimh
- Teanga na hinsinte
- Úsáid aeistéitiúil teanga
Anuas air sin, tá réimse téacsanna liteartha sonraithe le staidéar a dhéanamh orthu. Caithfidh na daltaí téacs amháin a roghnú chun dianstaidéar a dhéanamh air, agus trí nó níos mó téacsanna eile chun comparáid a dhéanamh eatarthu agus caithfidh siad an cúrsa filíochta a leanúint mar atá sé sonraithe ar an liosta téacsanna sonraithe.
Measúnacht
Déantar measúnú trí scrúdú deiridh ag dhá leibhéal:
Tá dhá pháipéar ag gach leibhéal.Is éard atá i bPáipéar 1 ná sraith de théacsanna nach bhfacthas atá nasctha go téamúil ag dul i dtreo réimse tascanna tuisceana agus cumadóireachta. Is éard atá i bPáipéar II ná réimse ceisteanna ar théacsanna sonraithe agus ar dhán nach bhfacthas roimhe seo.
Stádas reatha
Tugadh an siollabas seo isteach sna scoileanna sa bhliain 1999 agus rinneadh scrúdú air don chéad uair sa bhliain 2001.
Doiciméadú
Leaving Certificate English Syllabus(Ordinary level and Higher level)
Béarla don Ardteistiméireacht – Treoirlínte do Mhúinteoirí
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
English support service
Scoilnet