Araibis

Foramharc ar an ábhar

Tá creat siollabais coiteann ann chun teangacha nua-aimseartha a mhúineadh agus a mheas san Ardteistiméireacht. Tarraingíonn ábhar an tsiollabais ar roinnt mhaith gnéithe de na haidhmeanna, de na cuspóirí agus den ábhar sna teangacha sa tsraith shóisearach agus forbraíonn sé iad.Seo a leanas na haidhmeanna:

  • Scileanna cumarsáide a chothú sna foghlaimeoirí sa sprioctheanga a chumasóidh iad  
  • a bheith iomlán páirteach sna gníomhaíochtaí ranga a reáchtálfar sa sprioctheanga
  • páirt a ghlacadh in idirbhearta agus in idirghabhálacha laethúla
  • eolas agus taitneamh a bhaint as na hollmheáin
  • breathnú ar ar an sprioctheanga mar mheán inar féidir rogha réadúil a dhéanamh tabhairt faoi chaitheamh aimsire, faoi staidéar breise agus/ nó faoi  ghairm bheatha  
  • Feasacht chriticiúil a ardú sna foghlaimeoirí faoi conas a eagraítear agus a chuirtear brí in iúl i struchtúir agus i bhfoclóir sa sprioctheanga, agus ar an gcaoi sin cabhrú lena dtuiscint ar fheidhmíocht teanga an duine go ginearálta
  • Cabhrú le foghlaimeoirí straitéisí a fhorbairt chun teanga a fhoghlaim go héifeachtúil
  • Eolas a bheith ag foghlaimeoirí faoi chultúr, faoi shochaí agus faoi pholaitíocht na dtíortha ina labhraítear an sprioctheanga mar ghnáthmhodh cumarsáide agus ar an gcaoi sin a bhfeasacht faoi éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil a mhéadú go ginearálta.

 

Ábhar

Seo leanas na trí chomhpháirt den siollabas:

  • Cumas Bunúsach Cumarsáide
  • Feasacht Teanga
  • Feasacht Chultúrtha

Moltar cur chuige comhtháite i leith na gcomhpháirtithe seo.

  • Cumas Bunúsach Cumarsáide: Tógann sé seo ar réimse spriocanna cumarsáide bunaithe ag clár an Teastais Shóisearaigh. Cothófar agus úsáidfear na scileanna cumarsáide a fuarthas sa tsraith shóisearach, go leanúnach i rith na sraithe sinsearaí.

Baineann na spriocanna sonraithe sa chuid seo le:

  • dúshláin phraiticiúla a d’fhéadfadh a bheith roimh an bhfoghlaimeoir agus é nó í ag feidhmiú i bpobal a labhraítear an sprioctheanga mar shampla
  • casadh ar agus beannú do dhaoine agus caidrimh shóisialta a chothú
  • déileáil le taisteal agus le hiompras
  • earraí agus seirbhísí a cheannach
  • déileáil le héigeandálacha
  • gníomhaíochtaí agus plé a d’fhéadfadh titim amach tríd an sprioctheanga sa seomra ranga mar shampla
  • eolas faoin aimsir agus an aeráid a thuiscint, a lorg agus a thabhairt
  • mothúcháin a thuiscint agus a chur in iúl
  • páirt a ghlacadh i bplé
  • teachtaireachtaí a sheoladh ar aghaidh

  • Feasacht Teanga:

Déantar gnéithe de shiollabas na sraithe sóisearaí a thagraionn d’fhorbairt feasacht teanga an fhoghlaimeora a fhorbairt a thuilleadh i siollabas na hArdteistiméireachta

Baineann na spriocanna sonraithe sa chuid seo le:

  • feasacht fhoghlaimeoirí a ardú faoi oibríochtaí na sprioctheanga
  • feasacht a ardú faoin mbaint a bhíonn ag an bhfoghlaimeoir féin leis an teanga
  • úsáid éifeachtúil na teanga a chothú
  • feasacht a ardú faoi ghnéithe ábharthacha na máthairtheanga agus teangacha eile ar eolas ag an bhfoghlaimeoir.

  • Feasacht Chultúrtha

Déantar gnéithe de shiollabas na sraithe sóisearaí a thagraíonn d’fhorbairt feasacht teanga an fhoghlaimeora a fhorbairt a thuilleadh i siollabas na hArdteistiméireachta.  Ba chóir go gcabhródh na spriocanna sa chuid seo le hoideachas cultúrtha agus idirchultúrtha go ginearálta agus tá an fócas

  • ar phobal na sprioctheanga agus  
  • ar a ghaolmhaireacht le hÉirinn agus le saol na hÉireann.

Téann na saincheisteanna a dtagraítear dóibh i bhfad thar dheighiltí cultúrtha.

Baineann na spriocanna sonraithe sa chuid seo le:

  • foghlaim sa sprioctheanga faoi chultúr reatha a bhaineann leis an sprioctheanga
  • téacsanna nua-aimseartha liteartha a léamh sa sprioctheanga
  • cur síos a dhéanamh ar an ngnáthshaol agus plé a dhéanamh faoi i bpobal na sprioctheanga
  • gnéithe de ghaolmhaireachtaí idir phobal na sprioctheanga agus Éire a thuiscint agus a phlé agus cur síos a dhéanamh orthu
  • saincheisteanna ginearálta a sháraíonn deighiltí cultúrtha a thuiscint, a phlé agus cur síos a dhéanamh orthu.

Measúnacht

Déantar measúnú trí pháipéar scrúduithe ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá scrúdú cluastuisceana agus scrúdú béil ag an dá leibhéal.

Stádas reatha

Tá an CNCM ag tabhairt faoi athbhreithniú ar theangacha sa churaclam iar-bhunoideachais.

Doiciméadú

Siollabas Araibise don Ardtestiméireacht

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Scoilnet

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie