Sean-Ghréigis

Foramharc ar an ábhar

Cuimsíonn an tSean-Ghréigis staidéar ar theanga, litríocht, stair, ealaín agus ailtireacht na Sean-Gréige.  Cuirtear an-chuid den bhéim ar shaothar na mórscríbhneoirí cosúil le Homer, Plato, Sophocles agus Euripides a léamh.

Ábhar

Féadfar tabhairt faoi Ghréigis don Ardteistiméireacht ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.

Iarrtar ar dhaltaí ag an Ardleibhéal cumadóireacht a dhéanamh ón dteanga choiteann go Gréigis agus níos mó de litríocht Ghréigise a léamh ná mar a iarrtar ar dhaltaí an Ghnáthleibhéil.

Seo a leanas príomhréimsí an chúrsa:

  • Téacsanna dualgais
  • Téacsanna neamhdhualgais
  • Cumadóireacht (Ardleibhéal amháin)
  • Stair (Ealaín agus Litríocht san áireamh)

Measúnú

Déantar an tSean-Ghréigis a mheas trí scrúdpháipéar. Is páipéir ar leith iad páipéir an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil 
400 marc iomlán na marcanna atá ar fáil.
Is fiú 310 marc iad an tAistriúchán, an Léamhthuiscint agus an Chumadóireacht.
Is fiú 30 marc iad an Stair, an Ealaín agus an Litríocht

Stádas reatha

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an CNCM ar an tSean-Ghréigis don Ardteistiméireacht

Doiciméadú

Siollabas na Sean-Ghréigise don Ardteistiméireacht (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Clasaicí na hÉireann-Múinteoirí
Comhchumann Mhúinteoirí na gClasaicí

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie