An Ardteistiméireacht Bhunaithe

Is clár dhá bhliain é an Ardteistiméireacht Bhunaithe a bhfuil sé mar aidhm aige oideachas leathan cothrom a sholáthar d'fhoghlaimeoirí agus ag an am céanna, deis a thabhairt dóibh speisialtóireacht a dhéanamh i dtreo rogha gairme ar leith.

Éilítear ar mhic léinn a dhéanann an clár seo staidéar a dhéanamh ar chúig ábhar ar a laghad, nach mór don Ghaeilge a bheith mar cheann amháin acu. Roghnaíonn mic léinn cúig ábhar nó níos mó (seacht n-ábhar de ghnáth) go ginearálta don scrúdú. Déantar staidéar ar ábhair ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal de ghnáth. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhá ábhar, is iad sin, an Ghaeilge agus an Mhatamaitic, ag an mBonnleibhéal. Dírítear an Bonnleibhéal ar riachtanais na mac léinn sin a bhféadfadh go mbeadh deacracht acu leis na hábhair sin ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.

Tá siollabais ar fáil i 33 ábhar. Baineann gach ceann acu sin le grúpa ábhar mar a léirítear sa tábla thíos. Baineann dhá ábhar, Eacnamaíocht Bhaile agus Fisic agus Ceimic le dhá ghrúpa.

Grúpa na dTeangachaBéarla, Fraincis, Gearmáinis, Gaeilge, Iodáilis, Laidin, Gréigis, Spáinnis, Araibis, Seapáinis, Rúisis, Staidéar Clasaiceach, Staidéar Eabhrach
Grúpa EolaíochtaMatamaitic Fheidhmeach, Bitheolaíocht, Ceimic, Matamaitic, Fisic, Fisic agus Ceimic
Grúpa Staidéar GnóCuntasaíocht, Gnó, Eacnamaíocht
Grúpa na hEolaíochta FeidhmíEolaíocht Talmhaíochta, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Eacnamíocht Bhaile, Fisic agus Ceimic, An Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide
Grúpa an Staidéir ShóisialtaEalaín, Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol

Chomh maith leis na hábhair sin, cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúduithe ar fáil in aon cheann de na teangacha aitheanta san Aontas Eorpach, i gcás go meastar go bhfuil stádas an iarratasóra/iarrthóra cuí.

Tá na cáipéisí atá ar fáil le híoschóipeáil i bhformáid PDF. Beidh Adobe Acrobat Reader ag teastáil ar do ríomhaire chun rochtain a fháil ar na comhaid. Chun íoschóipéail a dhéanamh, déan deaschliceáil ar an gcomhad atá uait agus roghnaigh "Save Target As". Déan nóta d'ainm an chomhaid agus an áit a mbeidh sé le sabháil nó roghnaigh ceann. Nuair atá an íoschóipeáil críochnaithe, oscail an comhad ar an ngnáthmhodh. Is féidir an comhad a léamh as líne nuair atá sé sábháilte.

Naisc ghaolmhara

An Ardteistiméireacht Bhunaithe
Coimisiún na Scrúduithe Stáit

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie