Féadfaidh oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn dul ar aghaidh ar feadh dhá bhliain nó trí bliana. Is éard atá i gceist leis an difríocht sin ná daltaí a roghnaíonn an Idirbhliain a dhéanamh sa chéad bhliain den tsraith shinsearach, sula leanann siad ar aghaidh le clár dhá bhliain na hArdteistiméireachta.
Déanann tromlach na ndaltaí an Ardteistiméireacht Bhunaithe - an scrúdú deiridh traidisiúnta in oideachas iarbhunscoile in Éirinn. Roghnaíonn daltaí idir 6 agus 8 n-ábhar de ghnáth ó liosta d'ábhair cheadaithe.
Déanann daltaí a leanann Gairmchlár na hArdteistimeireachta (LCVP) 6 nó 7 n-ábhar Ardteistiméireachta agus dhá Nasc-Mhodúl breise: Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.
Leanann daltaí Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GA) réamh-ghairmchlár féinchoinnithe lena mbaineann raon cúrsaí a gcuirtear a struchtúr in oiriúint do thrí ghné: Ullmhúchán Gairme, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta
Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach
Athraíodh oideachas na sraithe sinsearaí go suntasach le linn na 1980idí agus is ábhar athbhreithnithe mhóir de chuid na CNCM é faoi láthair, athbhreithniú a bhfuil sé mar aidhm aige pleanáil a dhéanamh dá fhorbairt amach anseo. Aithníonn an t-athbhreithniú seo athchóiriú sna réimsí a bhaineann le cultúr scoile, athstruchtúrú agus athchothromú curaclaim agus athruithe ar sholáthar measúnaithe mar bhonn d'fhorbairtí sna blianta amach romhainn.
Naisc Ghaolmhara
An tSraith Shinsearach
Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí