Foramharc ar an ábhar
Is éard atá sa teicneolaíocht ná críocha daonna a bhaint amach trí úsáid stuama a bhaint as ábhair, fuinnimh agus feiniméin nádúrtha. Baineann oideachas teicneolaíochta le scileanna agus eolas na ndaltaí a fhorbairt agus iad sin a chur i bhfeidhm i dtascanna oiriúnacha.
Ábhar
Eolas agus scileanna:
- Cumarsáid
- Ceird agus ábhair
- Fuinneamh agus smacht
- Teicneolaíocht agus an tSochaí
Nós Imeachta an Dearaidh:
- An fhadhb a aithint
- Taighde ar eolas
- Cioncheapú agus múnlú
- Soláthar
- Measúnú
Tascanna
Sna tascanna ina gcuireann an dalta a heolas nó a eolas agus a scileanna i bhfeidhm chun fadhb a réiteach, bíonn dul chun cinn (ó thascanna dúnta go tascanna níos oscailte) agus cothromaíocht i gceist iontu (i dtéarmaí an réimse acmhainní, na gcritéar agus na hábharthachta).
Measúnú
Déantar measúnú ar Theicneolaíocht Ábhar don Teastas Sóisearach ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal, trí pháipéar deiridh scrúdaithe agus tionscadal an dalta féin.
Stádas reatha
Cuireadh tús leis an ábhar seo a mhúineadh ar bhonn forbraíochta i Meán Fómhair 1989. Rinneadh athbhreithniú ar sholáthar oideachas teicneolaíochta sa tsraith shóisearach agus cuirfear tús le hathbhreithniú siollabais le haghaidh na n-ábhar seo i 2006/2007.
Doiciméadú
Siollabas Teicneolaíochta don Teastas Sóisearach (PDF 551KB)
Teicneolaíocht don Teastas Sóisearach – Treoirlínte do Mhúinteoirí (PDF 437KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Tá roinnt cumainn ábhar ann a thugann tacaíocht do mhúinteoirí an ábhair seo.
Cumann na Múinteoirí Teicneolaíochta (ATT)
Cumann na Múinteoirí Teicneolaíochta Inealltóireachta
Cumann Mhúinteorí Teicneolaíochta na hÉireann
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
www.scoilnet.ie