Tíreolaíocht

Forbhreathnú Ábhair

Staidéar ar dhaoine agus an gaol atá acu lena dtimpeallacht is ea Tíreolaíocht. Tá sí ag iarraidh cuidiú le forbairt ar thuiscint ar na próisis fhisiciúla, shóisialta agus eacnamaíochta a chuireann cruth ar an dtimpeallacht sin.

Chun an tuiscint sin a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag an siollabas Tíreolaíochta daoine óga a chur ar an eolas faoi chnuasach leathan eolais agus réimse leathan de scileanna praiticiúla a thabhairt dóibh.

Sonraí

Is féidir staidéar a dhéanamh ar Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach ag Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá an siollabas bunaithe ar roinnt príomhchoincheapa tíreolaíochta a ndéantar staidéar orthu i gcomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cuirtear an siollabas i láthair i dtrí roinn, gach ceann díobh bunaithe ar théama leathan:

  • Gnáthóg an Duine – Próisis agus Athrú
  • Daonra, Patrúin Lonnaíochta agus Uirbiú
  • Patrúin i nGníomhaíocht Eacnamaíochta

Measúnacht

Déantar an mheasúnacht le scrúdpháipéar deiridh agus staidéar allamuigh roghnach.

Beidh dhá pháipéar scrúdaithe ann, ceann don Ardleibhéal agus ceann don Ghnáthleibhéal.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas i dTíreolaíocht don Teastas Sóisearach isteach sa bhliain 1990 agus deineadh scrúdú air don chéad uair sa bhliain 1992. Is mar chuid de athbhreithniú ar an Teastas Sóisearach, atá tíreolaíocht ag dul faoi phróiseas athchothromaithe faoi láthair, mar chuid den iarracht atá á déanamh chun gach siollabas de chuid an Teastais Shóisearaigh a chur i láthair i bhformáidí comhchosúla.

Cáipeisíocht

Siollabas Tíreolaíochta don Teastas Sóisearach (PDF 1.0MB)
Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach – Treoirlínte do Mhúinteoirí (PDF 606KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Thacaíochta don Tíreolaíocht
Cumann na Múinteoirí Tíreolaíochta in Éirinn (AGTI)
www.scoilnet.ie

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie