Foramharc ar an ábhar
Tá sé d’aidhm ag an Siollabas Staire deimhin a dhéanamh de:
- Go bhfaigheann an dalta eolas agus tuiscint ar ghníomhaíocht an duine sa stair
- Go dtuigfidh an dalta an saol comhaimseartha trí staidéar a dhéanamh ar an stair
- Go bhforbrófar tuiscint ar choincheapanna
- Go bhforbrófar an cumas machnamh neamhspleách a dhéanamh
- Go bhforbrófar scileanna stairiúla é.g. scileanna taighde
- Go bhforbrófar dearcthaí dearfacha mar thiomantas i leith na hoibiachtúltachta agus na córa
- Go bhforbrófar suim agus fiuchadh don stair
- Go bhfoghlaimeoidh an dalta gur cheart meas a bheith aige nó aici ar a oidhreacht nó ar a hoidhreacht
Ábhar
Tá an siollabas roinnte i dtrí mhír. Is creatlach cróineolaíoch sa chur i láthair é, ó aimsir na réamhstaire anonn go dtí an 20ú aois. Siollabas forbarthach atá ann, a ghluaiseann ó ábhar bunúsach go hábhar níos casta, ón ábhar nithiúil chuig an ábhar teibí.
Mír I : Conas a fhoghlaimímid faoin stair
- Réamhrá – obair an staraí.
- Ár bhfréamhacha sa tsibhialtacht ársa – staideár bunaithe ar fhianaise sheandálaíoch ar an saol in Éirinn roimh an gCríostaíocht agus i rith na luath-Chríostaíochta in Éirinn agus i sibhialtacht ársa amháin.
- Caisleán, eaglas agus cathair – staideár ar shochaí mheánaoiseach bunaithe ar fhoirgnimh, lonnaíochtaí agus ar fhoinsí ábhartha eile
- An tAthbheochan – staideár ar fhoinsí pictiúrtha agus ar dhirbheathaisnéis ar ealaín, ar ailtireacht agus ar fhoghlaim ó ré na hAthbheochana
Mír II : Staidéar ar Athruithe
- Athruithe ar an dearcadh Eorpach den domhan - Taiscéaladh
- Athruithe prábhaidh – An Reifirméisean
- Athruithe ar úinéireacht talún – Plandáil in Éirinn
- Athruithe polaitiúla – Athruithe réabhlóideacha
- Athruithe sóisialta – Ón bhfeirm chuig an mhonarcha
Mír III : Éire na Linne seo a Thuiscint
- Forbairtí polaitiúla in Éirinn sa 20ú aois
- Athruithe sóisialta sa 20ú aois
- Caidreamh idirnáisiúinta sa 20ú aois
Measúnacht
Déantar measúnú trí pháipéar scrúduithe ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.
Seo a leanas an stíl cheistiúcháin a úsáidtear ag an dá leibhéal:
C. 1 – Pictiúir (bunaithe ar fhoinsí pictiúrtha)
C. 2 - Cáipéisí (bunaithe ar fhoinsí scríofa)
C. 3 – Ceisteanna a éilíonn freagra gonta
C. 4 – Daoine sa stair (aistí gearra ar phearsantachtaí stairiúla nó ar shaghsanna áirithe daoine)
Anuas air sin, tá dhá cheist eile ann ag an Ardleibhéal, chun scileanna ardleibhéil agus eolas níos leithne ar ábhar an tsiollabais a mheas.
Stádas reatha
Mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shóisearach, tá an stair ag dul faoi phróiseas athchothromaithe, mar chuid den iarracht gach siollabas den tsraith shóisearach a chur i láthair i bhformáidí comhchosúla.
Doiciméadú
Stair - An Teasta Soísearach Siollabas (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 393KB)
Stair don Teastas Sóisearach – Treoirlínte do Mhúinteoirí (PDF 155KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann an Ábhair: Cumann Mhúinteoirí Staire na hÉireann (HTAI)
www.scoilnet.ie