Foramharc ar an ábhar
- Chun cur le hoideachas ginearálta atá cothrom agus cuí ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, ag dul i dtreo forbairt phearsanta agus shóisialta gach uile dhalta.
- Nósanna agus modhanna fiosraithe, anailís agus an cumas fadhbanna a réiteach a fhorbairt i ngach uile dhalta ag an leibhéal cuí.
- Gach uile dhalta a chur ar an eolas faoi na forbairtí teicneolaíochta sa timpeallacht ghnó.
- Gach uile dhalta a spreagadh chun rudaí a dhéanamh as a chonlán nó as a conlán féin agus cabhrú leis nó léi iontaoibh a bheith aige nó aici as nó aisti féin.
- Litearthacht eacnamaíochta nó ghnó ag leibhéal cuí a thabhairt do gach uile dhalta.
- Dearcadh dearfach a chothú i ngach uile dhalta maidir le cruthú agus scaipeadh maoine
- Bunús a sholáthar do dhaltaí a d’fhéadfadh cabhrú leo fostaíocht a fháil nó tuilleadh staidéir a dhéanamh i réimse an ghnó.
Ábhar
Cuid a hAon: Gnó Maireachtála
Cuid a Dó: Feasacht Eacnamaíochta
Cuid a Trí: Fiontraíocht
Cuid a Ceathair: Teicneolaíocht na Faisnéise
Measúnacht
Déantar an siollabas a mheas trí scrúdú deiridh scríofa ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal in ord ardaitheach deacrachta.
Stádas
Tá Staidéar gnó ar cheann de na siollabais atá ag dul faoi phróiseas athchothromaithe faoi láthair, mar iarracht ar shiollabais uile na sraithe sóisearaí a chur i láthair i bhformáidí comhchosúla.
Doiciméadú
Siollabas an Staidéir Ghnó don Teastas Sóisearach (PDF 800KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Mhúinteoirí Staidéir Ghnó na hÉireann (BSTAI)
Scoilnet