Foramharc ar an ábhar
Cuireann corpoideachas cur chuige iomlánaíoch i bhfeidhm ar choincheap na gníomhaíochta fisiciúla do dhaoine óga. Aithníonn sé na gnéithe fisiciúla, meabhracha, mothúchánacha agus sóisialta de ghluaiseacht an duine, agus leagann sé béim ar an méid a chuireann gníomhaíocht fhisiciúil le cothú folláine an duine agus an ghrúpa. Is éard a bhíonn i gceist le corpoideachas ná an t-eolas, na coincheapanna, na scileanna, agus an meon a fhoghlaim atá ag croílár an chorpoideachais, mar aon leis an acmhainn atá ann chun é a chomhtháthú le réimsí eile curaclaim a aithint. Is í an aidhm ghinearálta atá ag corpoideachas ná cur le hullmhú an dalta dá shaol nó dá saol folláin neamhspleách.
Ábhar
Tá roinnt réimsí staidéir i gceist sa churaclam don chorpoideachas a sheasann do réimse gníomhaíochtaí fisiciúla, a bhfuil a saintréithe féin ag gach ceann acu agus cuireann sé seo le baint amach ollaidhm an chorpoideachais. Seo a leanas na réimsí staidéir:
| GNÍOMHAÍOCHTAÍ EACHTRÚLA | GNIOMHAÍOCHTAÍ UISCE | LUTHCHLEASAÍOCHT | RINCE | |
| Treoleanúint | Dul isteach | Léim | Gníomhaíochtaí bunúsacha |
| Dúshlán foirne | Gluaiseacht san uisce | Rith | Caighdeán na gluaiseachta |
| Ceardaíocht champála | Corpacmhainn uisce | Caitheamh | Gaolmhaireachtaí |
| | Sábháilteacht san uisce | | Rince a chumadh |
| GNÍOMHAÍOCHTAÍ EACHTRÚLA | CLUICHÍ | GLEACAÍOCHT | GNÍOMHAÍOCHT A BHAINEANN LE SLÁINTE |
| Treoleanúint | Cluichí a chumadh | Téamaí | Gníomhaíochtaí agus an corp |
| Dúshlán foirne | Imirt ionsaítheach | Foclóir ghluaiseachta | Corpacmhainn |
| Ceardaíocht champála | Imirt chosantach | Fócas ar chaighdéan | Traenáil |
| | | Gaolmhaireachtaí | Gníomhaíocht ar feadh an t-saoil |
Measúnú
Is cuid lárnach den mhúinteoireacht agus den fhoghlaim é an measúnú. Tá sé d’aidhm ag an measúnú caighdeán na foghlama agus an méid atá foghlamtha ag dalta a dhéanamh amach. Ba cheart go soláthródh measúnú ar fhoghlaim agus ar an méid atá bainte amach ag an dalta eolas faoi straitéisí foghlama don todhchaí agus ba cheart go spreagfadh sé an dalta sa chomhthéacs sin. Sa tsraith shóisearach cuirfidh na modhanna measúnachta a úsáidtear i gcorpoideachas go díreach le forbairt múnlaitheach an fhoghlaimeora. Beidh na móid agus na modhanna measúnachta a úsáidfear ag teacht le nádúr praiticiúil an chorpoideachais ag an leibhéal seo.
Modhanna measúnachta molta
- Measúnú foirmiúil ag an múinteoir
- Breathnóireacht neamhfhoirmiúil an mhúinteora
- Piarmheasúnú ag na daltaí
- Féinmheasúnú ag na daltaí
Stádas reatha
Bunaíodh an Clár um Chorpoideachas don tSraith Shóisearach i Meán Fómhair 2003, chun tacú le tabhairt isteach an tsiollabais chorpoideachas don tsraith shóisearach. Tá an clár á riaradh ó Ionad Oideachais Mhaigh Eo i gcomhar leis an Rannán Oideachas Oidí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Doiciméadú
Siollabas Corpoideachais don tSraith Shóisearach (PDF 207KB)
Treoirlínte do Chorpoideachais don tSraith Shóisearach - níl siad ar fáil faoi láthair.
Naisc ghaolmhara
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta: Seirbhís Tacaíochta do Chorp Oideachais don tSraith Shóisearach
Cumann Chorp Oideachais na hÉireann
www.scoilnet.ie