Foramharc ar an ábhar
Tá Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Slainte (OSPS) ina chuid de chroíchuraclam oideachas na sraithe sóisearaí. Tacaíonn sé forbairt phearsanta, sláinte agus folláine daoine óga agus cabhraíonn sé leo gaolmhaireachtaí tacúla a chruthú agus a chothú. Is iad na haidhmeanna atá ag OSPS ná daltaí a chumasú chun scileanna a fhorbairt a chabhróidh leo iad féin a chomhlíonadh agus maireachtáil i bpobail, féinmheas agus féinmhúinín a chothú i measc na ndaltaí mar aon le creatlach a sholáthar le gur féidir leo cinntí stuama a dhéanamh. Féachann sé freisin le deiseanna a sholáthar do mhachnamh agus do phlé mar aon le folláine fisiceach, intinne agus mothúchánach a chothú.
Léireoidh an clár OSPS eiteas sainiúil na scoile. Chun a bheith éifeachtúil is gá go mbeadh atmaisféar na scoile dearfach ina leith. Is timpeallacht thacúil scoile iomlánaíoch í timpeallacht ina mothaíonn daoine go bhfuil meas orthu, ina gcothaítear féinmheas, ina bhfuil fianaise ann go bhfuil cothrom na Féinne agus caoinfhulaingeacht i réim, scoil ina mbítear ag súil le héachtaí, ina dtugtar tacaíocht dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu, ina bhfuil cumarsáid oscailte ann, ina dtugtar aitheantas d’iarrachtaí na ndaltaí, ina bhfuil meas ar éagsúlacht, ina ndéileáltar le coimhlint ar bhonn cuiditheach, ina bhfuil béim ar obair as do stuaim féin agus ar chruthaitheacht agus ina gcothaítear luachanna sóisialta, morálta agus sibhialta.
Ábhar
Tá an curaclam do OSPS don tsraith shóisearach curtha i láthair i ndeich modúl, agus tagann gach ceann acu sin aníos i ngach bliain den timthriall trí bliana. Seo na deich modúl:
- Muintearas agus imeascadh
- Féin-bhainistíocht: mothú go bhfuil cuspóir agat
- Scileanna cumarsáide
- Folláine coirp
- Cairdeas
- Caidreamh agus collaíocht
- Sláinte mothúchánach
- Tionchair agus cinntí
- Úsáid substaintí
- Sábháilteacht phearsanta
Measúnú
Ní dhéantar measúnú foirmiúil ar OSPS i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Tá aidhmeanna agus torthaí luaite leis mar chuid de churaclam na scoile áfach, agus féadfar measúnú agus meastóireacht neamhfhoirmiúil a dhéanamh air. Tá trí phríomhchatagóir leathan i gceist le measúnú agus meastóireacht ar OSPS:
- Féinmheasúnú an dalta agus piarmheasúnú: breathnaítear ar fhéinmheasúnú na ndaltaí mar chuid lárnach den mhúineadh agus den fhoghlaim san OSPS. Is féidir le grúpaí daltaí piarmheasúnú a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus éascaíonn an múinteoir é sin.
- Measúnú na ndaltaí: déantar measúnú ar obair na ndaltaí agus ar a gcuid scileanna trí tascanna ar leith, obair bhaile agus obair thionscadail
- Meastóireacht chláir: measúnú leanúnach ar struchtúr agus ar ábhair OSPS
Stádas reatha
Tugadh OSPS sa tsraith shóisearach isteach de réir a chéile ó Mhí Mheán Fómhair 2000 ar aghaidh. Tógann OSPS ag leibhéal na sraithe sóisearaí ar thaithí gach linbh ag leibhéal na bunscoile. (Tá OSPS ina chuid lárnach de Churaclam nua na Bunscoile). Tá an dualgas ar gach scoil dara leibhéal OSPS a chur ar fáil i ngach bliain den tsraith shóisearach. Tá an CNCM ag tabhairt faoi chreat curaclaim do OSPS a fhorbairt don tsraith shinsearach.
Doiciméadú
Siollabas Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte don tSraith Shóisearach (PDF 321KB)
Naisc ghaolmhara
Seirbhís Tacaíochta do OSPS don tSraith Sóisearach