Oideachas Reiligiúnach

Foramharc ar an ábhar

Tá sé d’aidhm ag Oideachas Reiligiúnach sa tSraith Shóisearach creatlach a sholáthar do mhic léinn trínar féidir leo eolas agus tuiscint a fháil ar na traidisiúin éagsúla reiligiúnachin Éirinn agus in áiteanna eile. Tá an siollabas tógtha ar chreatlach eolais, tuisceana, scileanna agus dearcthaí.

D’ullmhódh creatlach dá leithéid mic léinn do chúrsa na hArdteistiméireachta san oideachasreiligiúnachfreisin.

Ábhar

Is féidir staidéar a dhéanamh ar Oideachas Reiligiúnach don Teastas Sóisearach ag Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal. 

Tá dhá cuid sa chúrsa:

Cuid 1
Tógann mic léinn dhá ceann ar bith díobh seo a leanas:
Roinn A – Comhluadair Creidimh
Roinn B – Bunúis Reiligiúin – An Chríostaíocht
Roinn C – Bunúis Reiligiúin – Mór-Reiligiúin Dhomhanda

Cuid 2
Tógann mic léinn gach ceann díobh seo a leanas:
Roinn D – Ceist an Chreidimh
Roinn E – Ceiliúradh an Chreidimh
Roinn F – An Dúshlán Morálta

Measúnú

Déantar Measúnú ar Oideachas Reiligiúnach sa Teastas Sóisearach ag Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá dhá aonad measúnachta ann:

 GnáthleibhéalArdleibhéal
Scrúdpháipéar80%80%
Obair dhialainne  20%20%

Eisíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit liosta d’ábhair oiriúnacha d’obair dhialainne ag tús na bliana acadúla.

Stádas reatha

Tugadh an siollabas d’Oideachas Reiligiúnach sa Teastas Sóisearach isteach sa bhliain 2000 agus deineadh scrúdú air den chéad uair i mí an Mheithimh 2003.

Doiciméadú

Siollabas Oideachas Reiligiúnach don Teastas Sóisearach (PDF 269KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
www.galwayeducationcentre.ie
www.Materdei.ie/LOGOS/
www.Scoilnet.ie

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie